Nuair a bhíomar thall i Nua-Eabhrac thugamar cuairt ar
Yankee Stadium sa Bhronx agus bhíomar i láthair do
chluiche idir na
New York Yankees agus na
Toronto Blue Jays. Solaoid íonghlan de chultúr Mheiriceá is ea an daorchluiche, mar is eol, agus go leor
americana le feiceáil sa staid bhreá nua a d'osclaíodh sa bhliain 2009 in aice an tseanchinn a
scartáileadh go díreach ina dhiaidh sin.
Ní mór na rialachaí is tábhachtaí a chur in iúl duit féin roimh ré mar is iomaí turasóir Eorpach a chaith trí h-uaire leadránacha i láthair ag cluiche gan tuairim aige cad a bhí ar tarlú.
Mhair an cluiche breis agus trí h-uaire a chloig agus de bharr gan móran rití a bheith idir na foirne am ar bith le linn an chluiche bhíomar ar bís ó thús deireadh agus níor bhraitheamar an t-am ag dul thart.
Bhí an bua ag na Yankees agus is leantóirí dá gcuid m'iníon agus mise anois.
Tá a fhios agam gur saghas
FC Bayern München an daochluiche iad na Yankees mar thoradh ar a bhfuil bainte amach acu thar na blianta agus gur amhlaidh gur beag an meas a bhíonn ag daoine i SAM orthu taobh amuigh de leantóirí na Yankees féín.
Ach nach bhfuil deireadh le ré rómánsúil an chailliúnaí?
Nuair a bhí mé fillte ar an nGearmáin arís, thóg mé
Underworld le
Don DeLillo anuas den tseilf agus léigh mé sliocht as nach raibh na sonraí ann tuigthe agam go h-iomlán agus é á léamh agam deich mbliana ó shin. Cur síos ar an
gcluiche cáiliúil idir na
New York Giants agus na
Brooklyn Dodgers sa bhliain 1951 a bhí i gceist. Cúis eile arbh fhiú ár gcuairt ar Yankee Stadium.
Agus ar chaoi éigin rith sé liom go mbíodh
Oscar Madison (ar iriseoir spóirt é) sa tsraith teilifíse
The Odd Couple de shíor ag tabhairt amach faoi gur bhog na Brooklyn Dodgers go dtí Los Angeles.
Is cosúil go bhfuil go leor de reacaireacht Mheiriceá fite fuaite sa daorchluiche.