Tuesday, May 10, 2011
beannacht nua don té anonn in aois...
Cén aois an duilleog thuas? Aois an chrainn a "dhein" í nó aois an earraigh inar deineadh í? Ceist mheafarach, ceist fhealsúnach, b'fhéidir. Cad a déarfadh an luibheolaí?
Ar aon nós, is ón seanbhuachaill an duilleog, ó ghéag dá chuid le bheith cruinn. Agus nach cruthanta an duilleog í? Déanta go maith, nach bhfuil sí? An seanchleachtadh, ní féidir é a sharú! Bliain i ndiaidh bliana, gan teip.
Tá dhá mhallacht, ar a laghad, sa Ghaelainn atá níos uafásaí ná an focal ciorraithe i mBéarla, mar atá "Go dtachta an Diabhal thú" agus, níos measa fós, "Marbhfháisc ort!" Téann an dhá cheann siúd go mór i bhfeidhm orm i gcónaí; is Diabhal an éifeacht atá ag baint leo. (D'fhéadfá a rá fiú nach bhfuil baint ar bith ag an bhfocal corraithe le deireadh an tsaoil ach lena thús!)
Agus ná habair a leithéid le haon duine atá anonn go maith in aois agus a chasann ort i rith an gheimhridh.
B'fhearr duit a rá leis: Duilliúr úr an earraigh ort!
Tuesday, May 3, 2011
tuigim! b'in an fáth...
...a raibh gach duine eile thart ar fhiche bliain, ar a laghad, ní ba óige ná mise!
Dhiúltaigh mo bhean chéile agus mo iníon dul air. Ní raibh fúm ar dtús dul ar aon mharcaíocht dá leithéid, ach an oiread. An Domhnach seo caite a bhí i gceist.
Na blianta ó shin, ba ar éigean ba leor na marcaíochta ba fhiáine domsa chun an leadrán agus an leamhas a ruaigeadh!
Seans gurbh ar siúd a bhíos ag smaoineamh nuair - le flosc eachtra - a bheartaigh mé triail a bhaint as an Break Dance... Ní raibh mo chompánaigh ró-shásta le mo chinneadh.
Bhuel, geallaim daoibh gurbh í an uair dheireannach; thóg sé leathuair a chloig go dtí go raibh mé tagtha chugam féin aris.
B'in an fáth nach raibh ach daoine faoi thriocha bliain d'aois ag marcaíocht ar an diabhal rud!
Ar ór na cruinne, ní dhéanfaidh mé a leithéid arís!
Sunday, May 1, 2011
bhuel, an gcuireann sé ocras oraibh?...
Lá breithe m'iníne is óige inniu agus thugamar cuairt ar an bhFrühlingsfest.
Chonaic mé an fógra seo ar crochadh ann agus dhein mé grianghraf de.
Cé go bhfuil an focal Béarla "hit" gearmánaithe ar feadh tréimhse maithe anois, ní dóigh liom gur ámharach an cleamhnas atá déanta aige leis an tuiseal ginideach den fhocal "Tag" (= lá/ tuiseal ginideach = Tages).
Is minic a bhíonn cuairteoirí idirnáisiúnta i láthair a mbíonn an Béarla mar phríomhtheanga taistil acu. (An gceapfadh leantóir de Rangers (Glaschú), mar shampla, go bhfuil baint ag an bhfógra leis an ndream eile?)
Nó an gceapfaí, b'fhéidir, gur leasainm tíriúil don Wurst atá i gceist?
Subscribe to:
Posts (Atom)
