Sunday, August 9, 2009
Auf Cló: Daonra na Gearmáine ag dul i laghad.
http://www.spiegel.de/politik/deutschland/0,1518,640114,00.html
"In keinem anderen EU-Land kommen so wenig Kinder zur Welt wie in Deutschland. Pro 1000 Einwohner wurden im vergangenen Jahr rechnerisch nur 8,2 Kinder geboren - in Irland waren es mehr als doppelt so viele. Das belegt eine Studie des europäischen Statistikamts Eurostat, die am Montag veröffentlicht wurde."
Tá an ráta beireatais sa Ghearmáin ar an gceann is ísle i measc tíortha an AE. An bhliain seo caite níor rugadh ach 8.2 (méid áirimh) leanbh in aghaidh an mhíle - rugadh breis agus a dhá oiread níos mó in Éirinn. Léiriodh an méid sin i staidéar de chuid Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach Eurostat a foilsíodh Dé Luain.
Saturday, August 1, 2009
ALAN TITLEY: CROBHINGNE / 30.07.2009 - "Seasamh poiblí"
(1)(1).jpg)
Cá bhfuil freagairt na n-ealaíontóirí ar an ngéirchéim eacnamaíochta agus cén fáth nach bhfuil an t-aos dána i mbun a thochailte leis na fréamhacha is doimhne agus is dofheicthe don duine gnáthbhásmhar a aimsiú, a nochtadh agus a tharraingt os comhair an tsaoil mhóir dúinn?
Chuir Alan Titley an cheist sin san alt dó an tseachtain seo. http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2009/0730/1224251670552.html
(Is fiú na hailt de chuid Alan Titley san IT a léamh; tá gluais don cheann i gceist anseo -> http://ormondo-fon.blogspot.com/2009/08/alan-titley-crobhingne-30072009-gluais.html )
"Dearmadtar na tráchtairí, na polaiteoirí, na heacnamaithe, mar b’iad a bhí gafa i lúib na bréige. Ba dhóigh leat, áfach, go mbeadh léargas éigin sa bhreis ag an aos dána, ag na healaíontóirí a mhaíonn go bhfuil éachtaint acu ar na léaspairtí a cheiltear ar chách a chéile den choitiantacht.
Ach cá bhfuil na healaíontóirí uainn anois, go díreach nuair atá gá againn leo? Cá bhfuil an fhearg, agus an bhinb, agus an aoir? Ní ar son amaidí an tsaoil abhus go díreach, ach ar son amaidí an tsaoil mhóir."
Má tá lucht na healaíne ag loiceadh orainn agus sinn sa duibheagán gan treoir gan fhírinne: cad is cúis leis?
B’fhéidir go raibh margadh ann do thairgí ealaíne a bhí criticiúil, réabhlóideach fiú, ó thús na fichiú haoise go dtí tar éis an Chogaidh. Bhí sé faiseanta sa ré úd dul i mbun an domhan, agus an cine daonna leis, a chur ar a leasa - agus an gnó a dhéanamh go poiblí; ar thús cadhnaíochta na h-ealaíontóirí. (Is é atá i gceist agam, ar ndóigh, ná an mhór-ealaín; fágaimid feadóg stáin an tábhairne ar lár le hainm Dé.)
Ach is fiú an cheist a chur: cé is moite den tréimhse neamhghnáthach úd nach amhlaidh nach raibh san ealaín riamh anall ó thús na hÁdhamhchlainne ach siamsa lom nach raibh mar phríomhchuspóir di ach aird an phobail a tharraingt ón ndrochscéal - idir leadrán agus thubaiste – bíodh gur ar mhaithe leis an bpobal féin (an dearcadh saonta, b’fhéidir) nó ar mhaithe le "lucht an rialtais" a ndéantaí, agus a ndéantar, í?
"Is beag rud is lú is cás linn ná an file a chuireann a cloigeann san oigheann ar son a cuid leithleasachta aonair beagshuaraí amháin."
Déarfainn féin gur sa taisceadán a bheadh an cloigeann sáite go minic agus catsúil aige ar a bhfuil istigh ann. San ealaín ní fírinne go fírinne na caolchúise dothuigthe ach an fhírinne is tabhachtaí a bhaineann leis an ealaín sa lá inniu níl sé deacair ar chor ar bith í a thuiscint: is ábhar tráchtála é an ealaín agus níl puinn suime ag na pátrúin go nochtar bonn an scéil.
Agus na healaíontóirí a bhíonn gníomhach i gcultúr an phobail? Fadó, fadó do chuir an dream siúd, a raibh fonn orthu sa ré sin a bheith de shíor ag dul i bhfíáin, gairm na réabhlóide amach. Anois is ag teannadh ar an gcéad milliún de bhreis a bhíonn siad agus a ndlíodóirí ar thóir chlann agus chlann clainne a seanlucht leanúna ag cur an dlí orthu mar gheall ar an gcóipcheart a bheith sáraithe acu san idirlíon - ar eagla nach mbainfeadh na seanréabhlóidithe an chéad mhilliún de bhreis sin amach.
Agus cad a bheadh le rá ag an dream úd - dá dtabharfaidís faoi ndeara é - ar an gcaoi ina bhfuil gnáthdaoine agus iad ag maireachtáil ar an ngannchuid de bharr na géirchéime? "Go n-ithe siad cáca!"
ALAN TITLEY: CROBHINGNE / 30.07.2009 (Gluais)
Seasamh poiblí
dúchinniúint / dire fait
ár gcuid leasracha a dhlúthú go teann / to press our thighs together tightly i.e. to brace ourselves (do lucht na Gearmáinise: unsere Arschbacken zusammenzukneifen)
gur cuireadh an chluain mhaoineach orthu / that they were deceived by the pretence of wealth
gafa i lúib na bréige / caught in the snare of mendacity
go bhfuil éachtaint acu ar na léaspairtí a cheiltear ar chách a chéile den choitiantacht / that they can glimpse the "flashes" (of insight) that are hidden by everyone from everyone amongst common mortals
aoir / satire
pictiúr táscúil (táscmhar) / renowned picture
is lú ná sin a thug sé ar rialtais na hEorpa gan aitheantas a thabhairt do.../ he managed even less (successfully) than that to stop the governments of Europe giving recognition to...
bua déanach / final victory
í a shloinneadh / ainm a chur uirthi
teibí / abstract
smístithe le tua / smashed with an axe
le teann measa / with sheer esteem
Is é a dhála céanna ag / it's the same case with
fís...ag tochas ar a himleacáin féin / vision...scratching its own navel
meon na n-amhas / disposition of the mercernaries