Sunday, October 17, 2010

an leagan cluana de thaibhse an chnádáin?...


Bhíos ag caint le fear gnó ón Áise Thoir Theas i mBerlín an tseachtain seo chaite. Os rud é go raibh foláireamh slandála eisithe do na laethanta sin tharla gur phléamar cúrsaí polaitíochta ar feadh cúpla nóiméad.

Ní an t-Ioslam an chloch is mó ar phaidrín a bhuarthaí ach an tSín, a dúirt sé. De réir a raibh le tuairisciú aige, tá na tíortha sa chomharsanacht thall ag teacht faoi bhrú de réir a chéile.

Ní ba dhéanaí bhuail an smaoineamh mé gurbh fhéidir gurb í an tSín an chloch ba mhó ar phaidrín an Iarthair freisin. Ach nach féidir leis an Iarthar an méid sin a admháil go poiblí, ná a admháil ach an oiread gurb é an fáth go bhfuil an chríoch uilig, beagnach, ó Ríocht na hAraibe Sádaí go dtí an Afganastáin curtha faoi smacht ag na Comhghuaillithe ó dheireadh ré an chumannachais Eorpaigh i leith ná ionas go mbeadh an réigiún sin gafa ag an Iarthar cheana féin sara mbeadh ar chumas na Síne breith ar an bhfaill chéanna.

An é, mar sin, nach bhfuil san Ioslam ach an leagan cluana de thaibhse an chnádáin? Agus más amhlaidh go bhfuil míthreoir á cur ar phobal na cruinne nach íorónta an rud é go mbíonn fir bhladhmannaigh na bhfocal antoisceach an Ioslaim féin ag éascú an ghnó?

Ní mór don duine é féin a shaorú ó shíorthionchar inmheabhrú na meán cumarsáide ó am go chéile agus iarracht a dhéanamh smaoineamh nó dhó dá chuid féin a dhéanamh. (I mbaol, fiú, gur smaoineamh fánach a bheadh ann i ndeireadh an lae.)

Cé go bhfuil saoirse an phreasa a bheag nó a mhór i bhfeidhm san Iarthar agus go gceadmhach do iriseoirí bheith beagáinín dána anois is arís chun an tsaoirse chéanna a dheimhniú, feictear dom gurb é dá dtoil dheona féin nach n-imíonn an mhórchuid acu rófhada riamh óna leagain oifigiúla choinbhinsiúnacha sna "mórcheisteanna". Féinchinsireacht deistapaíoch de shórt éigin a bhíonn ann, is dócha.

Is é mo mhana: nochtar na fíricí agus labhróidh siad ar a son féin!

Ach an mbeimis in ann na fíricí a fhulaingt?

3 comments:

  1. Cad go díreach a bhí mar ábhar buartha faoin tSín? Cad a bhí i gceist aige le "ag teacht faoi bhrú de réir a chéile"?

    Cheap mé go raibh formhór lucht gnó ag breathnú i dtreo na Síne mar ionad infheistíochta nua. Is cuma cúrsaí polaitíochta nó tíortha eile ag teacht faoi bhrú "caipitleachas Síneach"

    ReplyDelete
  2. Caithfidh mé a admháil nach dtuigim teideal na blagmhíre seo ró-mhaith. Cad is brí le “leagan cluana” agus le “taibhse an chnádáin”?

    ReplyDelete
  3. @ Dubhaltach: tá sean-naimhdeas idir an tSín agus roinnt de na tíortha thart timpeall agus is amhlaidh go bhfuil an tSín i mbun a cumhacht eacnamaíochta a cur i bhfeidhm orthu. B'fhéidir nach rud róshuntasach é sin dúinne, ach thairis sin cheap an fear go bhfuill "bille" fós le híoc ag na Seapánaigh maidir le himeachtaí an dara chogaidh domhanda amhail Nanjing.

    Agus maidir le críonnacht luchta infheistíochta, nach searbh an ceacht atáimid ag foghlaim faoi sin i láthairna huaire?

    @ Dennis: "leagan cluana" = decoy version
    "taibhse an chnádáin" = bogeyman

    Ar a laghad, rachaidh Foclóir Néill Uí Dhónaill i mbannaí ar bhailíocht an dara ceann!

    ReplyDelete