Monday, October 4, 2010

Cuidiú le Bartók agus léiriú úr air...



Is é an clár raidío is ansa liom, caithfidh mé a rá, nó a admháil, ná Tríd an Oíche ar BBC 3. Clár de fhad 360 nóiméad atá ann mar a fhógraítear ar an suíomh gréasáin.

Craoltar ceol clasaiceach agus bíonn na píosaí a chraoltar as cartlann an BBC, píosaí a ndeineadar féin taifead díobh. Mar sin craoltar raon leathan ceoil nach bhfuil ar fáil ar dhlúthdhiosca agus go leor píosaí ar éigean a chloisfí riamh iad ar an ábhar go bhfuil siad taobh amuigh den répertoire coitianta. Agus cuirtear, san áireamh, cur síos beag suimiúil ag tús gach píosa.

Déanaim féin taifid MP3 de go leor de na píosaí le Recorder No. 23 agus bímse ag éisteacht leis na taifid siúd agus mé ag comaitéireacht liom sa traein.

Dála an scéil, tuigim go maith nach bhfuil suim ach ag mionlach beag i gceol den chineál sin. De ghnáth, cuireann na baill eile den teaghlach agamsa, mar shampla, iachall crúogach orm mo chluasáin a úsáid. Nuair a bhíonn píosa, abraimís, do-éistithe á sheinm, ach go háirithe.

Ar aon nós, bhíos ag éisteacht leis an leagan seo den chlár an tráthnóna seo agus ar cheann de na píosaí a rabhas a éisteacht leo bhí an Coinséartó do Phianó agus do Cheolfhoireann Uimh. a 3 le Bela Bartók. Ceolfhoireann Súl agus duine darb ainm Sunwook Kim an pianódóir a bhí i mbun an léirithe.

Is minic a cheaptar go bhfuil deacracht éisteachta agus gruaime éigin, fiú, ag gabháil leis an gceol a chum Bartók ach cuireann an dream seo an coinséartó seo chomh geal glé i láthair go mb'fhéidir leosan féin, nach bhfuil cleachtaithe ar an "ndroch-fhoghras", taitneamh a bhaint as. Seinneann Sunwook Kim an pianó chomh suairc sin go gceapfaí uaireanta gur chruitchlár,xileafón, a bheadh ann - cé nach mbeinn cinnte de go mbeadh sé ró-shásta leis an "léirmheas" sin!

Agus tá píosaí eile ina dhiaidh sin á seinm ag an gceolfhoireann ar chaoi a bhfuil úire gheal ag baint leo. Gile úr na Cóiré?

3 comments:

  1. Dála an scéil, tuigim go maith nach bhfuil suim ach ag mionlach beag i gceol den chineál sin.

    Is mór an náire mar tá cuid mhór ceoil mhaith ann. Is maith liom Shostakovich agus Arvo Pärt, mar shampla, ach ní lú ar chuid mhór daoine an diabhal nach é. Tá cuma mhaith ar an chlár sin.

    ReplyDelete
  2. Agus cad iad na píosaí de chuid na gcumadóirí thuasluaite agat is ansa leat, a Sheáin?

    ReplyDelete
  3. Arvo Pärt) Tá dúil mhór agam in Alina (Für Alina agus Spiegel im Spiegel), agus briseann Stabat Mater mo chroí.

    Shostakovich) Tá dúil mhór agam sa Choinséartó Veidhlín, Op. 99, agus sa Choinséartó Dhordveidhle, Op. 107. Seinm ar fheabhas atá anseo.

    ReplyDelete