Sunday, October 24, 2010

Braitheann sé ar an Zeitgeist...

Is rudaí iad Zeitgeister ar deacair iad a chomhaireamh ach ceapaim go bhfuil dhá Zeitgeist éagsúla curtha de ag an saol mór le linn dom a bheith páirteach ann agus go bhfuil ré an tríú Zeitgeist i réim le roinnt blianta anuas anois.

De réir a bhfuil feicthe agam go dtí seo, tá tionchar mór ag an Zeitgeist ar chúrsaí móráltachta. Agus deirim go glan amach é: ní thaitníonn an ceann atá i réim faoi láthair liom.

An dá Zeitgeist a tháinig roimhe sin, ba chineál Zeitgeister iarchogaidh iad, a bheag nó a mhór. Feictear dom anois go raibh an cine daonna fós faoi scáth a raibh tite amach sa Dara Cogadh Domhanda. Agus scanraithe ag an gcruálacht ar féidir an duine daonna a chur i bhfeidhm ach prionsabal nó dhó a bheith ligthe chun srutha aige roimh ré.

Ba "Platoon" an scannán deireannach beagnach de shraith scannán a tháinig amach le linn an dara Zeitgeist inar léirigh Hollywood uafás an chogaidh dúinn. Mar sin bhíomar go léir i gcoinne an chogaidh agus i gcoinne maraithe de gach sórt. Ba é an rud is measa é ag an am ná duine a mharú ar son cúise. Cibé cúis a bheadh i gceist, níorbh fhiú saol duine a íobairt ar a áltóir. Go deimhin, bhí ár gceacht foghlamtha againn. Agus, mar a samhlaíodh dúinn ag an am, bhí aibíocht, agus acmhainn teibíochta ina teannta fiú, bainte amach ag an gcine daonna agus bheadh an cine daonna céanna, dá bharr, inniúil don tsíocháin feasta agus go deo. "Nie mehr wieder Krieg!"

Ach dá fhad an t-achar ama idir tubaiste an Dara Chogaidh Dhomhanda agus an aimsir láithreach, is amhlaidh is mó a théann na ceachtanna searbha, agus an chiall cheannaithe a ghabhann leo, i ndíchuimhne. Agus nuair a chuaigh mórchumhachtaí an Iarthair arís i mbun ghnó na cogaíochta ó thús na nóchaidí ar aghaidh is amhlaidh gur fhás inghlacthacht an chogaidh i measc na ndaoine agus na ndreamanna nár mhian leo teacht trasna ar iad siúd leis an gcumhacht.

(I measc na gcomhairleoirí beaga a mhaireann áit éigin i m'aigne agus a bhíonn ag cur a dtuairimí faoi mo bhráid ó am go chéile – ní bhíonn aon iachall orm glacadh leo! – bíonn soinicí ann anois is arís. Le déanaí dúirt sé liom nach mbeadh cead ar bith ag an dara Zeitgeist a bheith chomh mór sin i gcoinne an chogaidh ach amháin ar an ábhar nach raibh suim ag na mórchumhachtaí le linn na tréimhse sin dul ina mbun. Ní hamháin nach raibh an Zeitgeist ag cur isteach orthu, ba áisiúil é a chur ag obair dóibh mar ní raibh ach a leithéidí an tIRA, an RAF, an ETA gníomhach sa ghnó ag an am agus ba naimhde dóibh na dreamanna siúd.)

Is go réchúiseach a phléitear don chuid is mó le cúrsaí slaid agus áir sna meáin chumarsáide le linn ré seo an tríú Zeitgeist. Is dócha, ach an Riail Óir* a chaitheamh ar leataobh agus ní deacair plé fiú le ceisteanna dá samhail go réchúiseach. Agus ní áirím fiú an easpa dheacrachta a bhíonn ag baincéirí agus iad ag plé go réchúiseach le cúrsaí ionracais.

Má fhaighimid an deis buntáiste nó sult a bhaint amach dúinn féin, ordaíonn an Zeitgeist dúinn, gur chóir an deis a thapú beag beann ar leas aon duine eile.

Agus dá ainneoin sin ní hé nach dtugtar ómós do agus fáilte roimh mháistrí an Zeitgeist cibé in Áras an Uachtaráin, sa rådhus i gcathair Osló nó i nGarraithe an Phápa féin.

Más dhá chomhchonsal ré ar bith iad an Zeitgeist agus an chumhacht, cad é an mhóráltacht mar sin?

A dtánaiste?

A ngiolla?



*Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh
daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh

6 comments:

  1. tá tionchar mór ag an Zeitgeist ar chúrsaí móráltachta

    Nuair a chloistear an focal “móráltacht” abhus anseo, séard a bhíonn i gceist níos minice ná a chéile ná cúrsaí craicinn (agus chomh mímhórálta agus atá daoine). Sílim gur tábhachtach an rud a rinne tú thuas: an focal móráltacht a “athshlánú” trína úsáid le haghaidh na rudaí atá tábhachtach dáiríre: cumhacht, airgead, cogadh.

    ReplyDelete
  2. Tá aon chúngú ar brí na moráltachta baolach, toisc go gcuireann sé an cheist as a riocht.

    Go hiondúil bíonn gach rud daonna nasctha pé ar bith, ach go bhfeileann sé don Zeit[un]geist aird a dhíriú ar shuáilce/duáilce ar leith.

    (Go hiondúil ceann a bhfuil an Zeitgeist agus an aicme rialaithe beag beann air. Tar éis an tsaoil is é an Uabhar an príomh pheaca marfach, ag trúig titime Lucifer...)

    ReplyDelete
  3. An t-uabhar agus sotal gan cuimse: cad as a dtagann siad sa lá inniu?

    An é go moladh tuismitheoirí na glúine 1968 (mar a deirtear abhus) a páistí rómhinic?!

    Is cuimhin liom go mbíodh cúrsaí moráltachta in Éirinn go dtí 1985, nó mar sin, dírithe go heisiach beagnach ar na gnéithe collaíochta den saol.

    Nach sórt greamú mínormálta é ar shlí? Agus más amhlaidh atá sé, cad is cúis leis? An aird a tharraingt ó earnálacha eile den saol? Ar mhaithe le dreamanna éagsúla?

    ReplyDelete
  4. An aird a tharraingt ó earnálacha eile den saol? Ar mhaithe le dreamanna éagsúla?

    Creidim go bhfuil cuid mhaith den fhírinne agat ansin!

    ReplyDelete
  5. Is eagal liom go bhfuil eithne na ceiste agat ansin.

    Tá gnéithe eile ann gan amhras: an difear idir na nithe a bhaineann leis an duine aonair, agus an mhoráltacht poiblí a bhraitheann daoine a bheith i bhfad i gcéin, gan tionchar acu air.

    ReplyDelete