Saturday, February 13, 2010

Beethoven, Bizet agus rann an mhadra...




Ludwig van Beethoven (1770 - 1827)




George Bizet (1838 - 1875)






Tá baile ar an gcósta thiar den Bhreatain Bheag darb ainm Porthmadog a raibh an-tábhacht ag baint leis do leantóirí an rac-cheoil in Éirinn le linn tréimhse gairide i lár na seachtóidí.

Cén fáth sin? Mar ba as an áit chéanna a bhfaigheadh déagóirí - agus daoine eile nárbh iad, is dócha, a bhí ar an eolas - cuid mhaith dá rac-chéirníní.

Agus cén fáth sin? De bharr iad a bheith saor ó cháin - go dtí gur dúnadh an bhearna chéanna faoi dheireadh.

Seoladh thar Mhuir Éireann iad i bpacáistíocht a raibh cosúlacht aici le pacáistíocht Amazon sa lá atá inniu ann... agus níor lú na sceitimíní a chuireadh sé ar dhéagóir fear an phoist a fheiscint agus é ag teacht i dtreo an tí leis an mbeartán donn ina ghlac aige. Leithéidí Pink Floyd, Led Zeppelin, Eric Clapton srl. a bhíodh istigh ann.

Cé gur éistim leis an sean-stuif fós is leis an gceol clasaiceach is mó a mbím ag éisteacht leis na blianta fada anuas anois.

Is aistear fada, spéisiúl, spreagúil é an t-aistear ar féidir a dhéanamh i gcríoch an cheoil chlasacaigh. Le Tschaikowski a thosaítear, is dócha, nó Vivaldi. Ansin baintear triall as Mozart, Beethoven, Händel agus Bach - na píosaí so-éisteachta ar dtús, dar ndóigh. Má thagann tú slán as na siansaí is faide de chuid Beethoven (na cinn gan da-da-da-dum) b'fhéidir go mbeidh de mhisneach agat aghaidh a thabhairt ar Brahms, Schumann, Schubert agus, fiú amháin, Bruckner.

Isteach sna sléibhte ansin leis an té nach bhfuil an misneach sleamhnaithe uaidh fós. An áit a gcastar ar Mahler, tá an aer tanaithe go maith - agus an ceol beagáinín díshondach. Beidh Schostakowitsch, Prokofiew agus Strawinski ag feitheamh ar bharr na faille, má shroichtear riamh é.

Tá clú agus cáil ar Bizet as Carmen agus L'Arlésienne. Ach do chum sé siansa freisin, cé nach raibh saol fada aige. Is siansa fíor-chlasaiceach é ar nós na gceann a chum Beethoven.

Bhí mé ag éisteacht leis an siansa úd de chuid Bizet ar mo sheinnteoir-MP3 nuair a rith píosa baoise liom: is é an siansa de chuid Beethoven is ansa liom ná an ceann de chuid Bizet i C-mór!

Píosa baoise, mar a dúirt mé.

Ar aon nós, de bharr an siansa agus an píosa baoise a bheith mar phéisteanna cluaise dom le feadh tamaill, do chum mé an dán seo - nach bhfuil aistriúchán déanta agam fós de.

(Rithim an dáin = rithim na céad gluaiseachta den siansa http://www.youtube.com/watch?v=Xh97WKonKZU&feature=related )

Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!

Ich lebte nun schon lange
Die meisten Fragen waren geklärt
Nur ob einer war ich bange
Leicht diffus war ich beschwert
Dann nahm ich mich in die Zange und zwang mich zu dem Schwur
Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!


Es war ja die Befreiung
Ich gab es schließlich zu
Endlich frei von dieser Hemmung
So komme ich zur Ruh'
Ich lief los lustvoll schreiend über Feld und über Flur
"Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!"


Ich wurde eingefangen
Man war offiziell besorgt
Auf des Gesundheitsamts Verlangen
Wurde ich mit Therapie versorgt
Dann war’s mir umso klarer nach Beendigung der Kur
Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!


Der Musikprofessor meinte
wenn mir schon die Fünfte nicht gefällt
tut’s auf jeden Fall die Neunte
Und das Problem ist aus der Welt
Ich sagte, „Nein danke, Herr Professor" und schaltete auf stur
„Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!"


Das Leben ging so weiter
Irgendwann war es dann Schluss.
Als ich stieg hoch auf der Leiter
Auf der jeder steigen muss
Von einer Sache war ich sicher und von einer Sache nur
Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!

3 comments:

  1. haigh Ormondo,
    das Gedicht mag ich. Es ist lebendig. Cad is brí le baoise le do thoil?
    Niamh

    ReplyDelete
  2. haigh Niamh,

    baois [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh]

    = díth céille = folly, foolishness, silliness


    baois = ainmneach uatha
    baoise = ginideach uatha

    ReplyDelete
  3. GRMA as an nasc do shiansa Bizet. Is breá liom an píosa bog leis an oboe - nó an cor anglaise atá ann.

    Nach iontach an áis í youtube.

    Dala an scéil ní dóigh liom go bhfuil Mahler chomh deacair san a ionálú.

    ReplyDelete