Saturday, February 6, 2010

diúltaíonn ortadóntóir do "Chogadh Naofa" !

"Name ist Schall und Rauch" (Fuaim agus toit is ea an t-ainm. / Níl in ainm ach fuaim agus toit.) a dúirt Faust sa dráma úd de chuid Goethe ach Dé Máirt seo caite i lialann ortadóntóra sa chathair bheag Donaueschingen dhiúltaigh an t-ortadóntóir, ar léí an lialann, cóir leighis a chur ar ghasúr darb ainm Cihad toisc go gciallódh an t-ainm "Cogadh Naofa", dar léí, agus gurbh fhorógra cogaidh é i gcoinne an domhain neamh-Ioslamaigh uilig dá bharr sin.

Baineadh siar as a thuismitheoirí. Baineadh siar as an bpobal freisin. Cháin an chuideachta árachais sláinte ina bhfuil an t-ógánach an t-ortadóntóir agus b'fhéidir go ngearrfar píonós uirthi.

Maíonn na tuismitheoirí gur roghnaigh siad an t-ainm toisc gur thaitin sé leo agus gur ainm coitianta é san Tuirc, an tír as a dtagann na tuismitheoirí.

"Dianiarracht ar son an chreidimh" nó "dianiarracht ar son na maithe" is brí do dschihād de réir na n-ioslameolaithe. Mar is eol, áfach, is fearr leis an lucht antoisceach brí eile a shamhlú leis.

Tá áiféala ar an dochtúir anois agus tá sé beartaithe aici a leithscéal a ghabháil go pearsanta leis an gclann.

Agus tá súil agam nach gcreidtear go bhfuil gach dúileach darb ainm Séamas ainmnithe i ndiadh an duine a gcuirtear Marfóir na Múrach air!





4 comments:

  1. Leasainm is ea Matamoros.

    Ach is iomaí ainm Eorpach a bhfuil deacrachtaí leo - Gerhard (lann crua), abair.

    ReplyDelete
  2. Agus tá na hamadáin ann a bhaisteann Cameron agus Campbell mar ainm ar a n-iníonacha.

    Nach mbíodh dlíthe an-dochta sa Ghearmáin go dtí le déanaí mar gheall ar na hainmneacha a chuirtear ar leanaí?

    ReplyDelete
  3. Is cinnte go bhfuil fós, ach más ainm coitianta san Tuirc Cihad, agus más ón Tuirc an teaghlach, bheadh an t-ainm inghlactha faoin dlí.

    ReplyDelete
  4. Is é an Standesamt (Oifig an Chláraitheoira) a dhéanann an cinneadh faoi chúrsaí ainmneacha. Níl ach cúig chinn d'ainmneacha ceadaithe.

    De ghnáth níl sé ceadaithe an méid seo a leanas a úsáid mar ainm baiste:

    - sloinne,
    - logainm, ainm sléibhe nó mar sin nach bhfuil seanbhunaithe mar ainm baiste
    - ainm nach léiríonn cé acu bean nó fear atá i gceist.

    Bíonn na cúirteanna gníomhach sa chásanna nach bhfuil na tuistí sásta leis an gcinneadh.

    ReplyDelete