Thursday, February 18, 2010

is sleamhain iad leaca an tí mhóir: seanfhocail nua de dhíth!

alt an-deas (ba mhó, dar liom, an tarraingt a bheadh ann don fhoghlaimeoir dá gcuirfí gluais leis) ag an Titleyeach san IT inniu. Seanfhocail atá idir chaibidil aige. Ba thaiscí dlútha eolais don chine daonna na seanfhocail nuair nach raibh léamh ná scríobh ag aon duine.

Is iontach mar a cheapann an nath an ghaois. Ní raibh againn ach iad roimh theacht an léinn, ach chuimsigh siad fios feasa na gcianta laistigh de chnó beag cainte amháin.

Ar uairibh bíonn ceann de na taiscí eolais úd - le teann céille searbh-cheannaithe na gcianta, dar ndóigh - chomh chomhdlúite céanna gur féidir í a úsáid mar shórt urchair chosanta i gcoinne an mhíthapa.

Sa lá atá inniu ann, is féidir na blianta a chaitheamh ar thráchtas dochtúireachta a thaispeáineann ar deireadh thiar thall nach muiníneach lucht an airgid. Fadó deirtí "Is sleamhain iad leaca an tí mhóir," agus bhí an t-eolas céanna agat.

Shíleadh na Cumannaigh - agus go leor eile nárbh iad - gurbh fhéidir an duine daonna a mhunlú trí oideachas, nó trí ath-oideachas mar a deirtí tráth dá raibh. Fiú amháin sa cheist seo ní baol duit dul ar seachrán ach an seanfhocal cuí a bheith ar fáil duit.

Bíonn síceolaithe ag clascairt a chéile agus ag gabháil de phianpháis ar lucha beaga deasa d’fhonn a fháil amach an láidre tionchar an oideachais nó na timpeallachta ar dhuine seachas a bhfuil de bhuanna aige ó nádúr. Fadó deirtí "Is treise dúchas ná oiliúint" agus b’shin deireadh na hargóna go héag.

Samhlaítear dom go bhfuil stór úr "nuafhocal" go géar de dhíth orainn a chuirfeadh ar ár gcumas trí nathanna gonta a rá i dtráth an clúdach a bhaint de chleasaíocht agus de chaimiléireacht an lae inniu agus cosc a chur le roinnt dá tharlódh sula dtarlaíonn sé.

Chuir an ghéarchéim bhaincéireachta an ceann seo i m'intinn:

Is bocht an chuile an goile.

3 comments:

  1. Diabhal locht agam air mar nuafhocal, a chara...:-)

    ReplyDelete
  2. An locht atá ar na “nuafhocail” a chum Titley ná a bhfoclachas, ní a ndoiléire. Gontacht abú!

    ReplyDelete
  3. Tá siad beagáinín foclach, ceart go leor.

    B'fhéidir nár mhian leis ach sinn a spreagadh...

    ReplyDelete