Friday, May 14, 2010

haiku na seilide...


Ba bheag nár bhrúigh mé seilide faoi bhonn mo choise - de thaisme! - agus mé ag déanamh mo chuarda rialta sna coillte an Domhnach seo caite. Bhí an talamh fliuch tar éis na báistí agus bhí slugaí rua ag gluaiseacht ó thaobh go taobh ar an gcosán. Ní deacair iad a sheachaint de bharr iad a bheith sofheicthe. Níl mé ró-eolach ar chúrsaí seilidí ach caithfidh gur cineál trádmhalartaithe é na slugaí seo, atá gan bhlaosc, a bheith ar dhath sofheicthe: cé go bhfeictear a naimhde iad, ní bhascfaí iad ag coisithe - ag iadsan, dar ndóigh, nach mian leo iad a bhascadh.

Ach bhí seilide eile ar an gcosán ar bheag nach bhfaca mé í. Ar chruth seilide fíonghoirt a bhí sí ach le dathscéim liath cosúil le dathscéim an chosáin. Nár oibrigh an éabhlóid gan mhoill i gcás na seilide seo, smaoinigh mé, agus an cosán céanna de dhéantús an duine gan a bheith ann ró-fhada, déarfainn? Ach más ea, fágadh coisithe gearr-radharcacha as an áireamh sa phróiseas. Dearmad a d'fhéadfadh a bheith marfach ar iomaí bealach agus a d'fhágfadh go mbeadh cineál paradacsa ag baint leis an scéal: níorbh fholáir radharc grinn an fhiagaí a bheith ag lucht an Jaineachais féin le saol na seilide dofheicthe a chosaint ar a gcosa siúd.

Chuir sin ag smaoineamh mé: an bhfuil fírinne dhomhain i bhfolach sa mhéid sin nach bhfuil aitheanta ag an gcine daonna go dtí seo?

Ar ball, nocht ceann de lucht 5-7-5 chugam.


faoi chois síochánaí

murach súil ghéar an fhiagaí

bhascfaí seilide



An é bua speisialta an haiku rúndiamhara an tsaoil a nochtadh dúinn?

Ach, fainic, ní haiku ceart gach 5-7-5.


I gComhar na míosa seo tugann Gabriel Rosenstock an chomhairle, nó an rabhadh, gan dul i mbun haiku a chumadh ar nós chuma liom. Ba chóir eolas domhain a bheith ann ar dtús ar an neamhdhéachas. Spreag an cnuasach dánta 5-7-5 é, a raibh sé ag déanamh léirmheasa air, an rabhadh a fhógairt, de réir dealraimh!

Is ar chonair chúng aontreo a ngluaiseann smaointe inchinne a bhfuil srianta oiliúint na sibhialtachta uirthi. Síleann an inchinn srianta seo go bhfuil sé cineál scartha amach ón gcruinne. Cumann sí scéalta beaga deasa mar mhíniúchán - di féin agus do na h-inchinní srianta eile - ar a bhfuil le feiscint amuigh sa chruinne, ar an taobh thall de réir a tuisceana. Agus mar bharr ar an donas: creideann sí na scéalta freisin!

Bíonn léamh na gnáth-inchinne ar an saol teoranta go leor dá bharr. Ach, de réir fhealsúnacht an neamhdhéachais, gheofar soilsiú agus léargas ach an aonacht atá idir gach neach agus ní sa chruinne a thuiscint.

Meon an haiku mar bhac ar léamh ró-shimplí a bheith ar na teachtaireachtaí a sheolann an nádúr chugainn? Ach cogair, ní gá fiú teachtaireacht a sheoladh chugainn: nach bhfuilimid ann cheana féin, ina lár?




duaithníocht an chosáin

ar dhathscéim na seilide

- ná siúlaigí air!



(Ach do shiúileas.)

2 comments:

  1. Is féidir gurb é an dóigh is sciobtha le neamhdhéachas a mhothú ná stróc ollmhór a fhulaingt a chuirfeas an leathsféar clé den inchinn as líne, mar a tharla do Jill Bolte Taylor. Is fiú éisteacht léi ag cur síos air anseo, mura bhfuil tú eolach ar an ábhar seo cheana féin. Ach ní raibh sí in ann haiku ná aon rud eile a scríobh go ceann i bhfad ina dhiaidh sin!

    Bhain mé an-sult as an mblagmhír seo!

    ReplyDelete
  2. GRMA as an nasc! Gan amhras, déarfainn go dtéann a bhfuil le rá aici go mór i bhfeidhm ar gach té a chloiseann é.

    ReplyDelete