Saturday, August 21, 2010

dhá lá ar neamh agus trí chinn de shlisíní friochta i mbaguette... (I)

Ag teacht amach as an gcarrchlós ilstórtha dom i mBÁC, ba bheag nár dhírigh an carr a bhí ar cíos agam a shrón go huathoibreach i dtreo an M7. Ba bheag nár ligeas cead a chinn dó mar faoin am seo bhí tuirse orm tar éis an mhochéirí ar maidin.

Agus thairis sin bhí lear leabhar ar an suíochán cúil - príomhchúis mo sciuirde ar lár na cathrach - agus fonn orm dul i mbun iad a léamh.

Ach faoi dheireadh dhein mé mar a bhí beartaithe agam roimh ré agus thug mé aghaidh ar an Tuaisceart.

Ba amhlaidh go raibh ar intinn agam cúpla lá a chaitheamh i gceantair nach raibh mé iontu go ró-mhinic le linn mo shaoil. Agus ar an ábhar gur tharla go raibh mé i mo aonar an babhta seo bhí buntáiste na saoirse agam san áireamh.


10.07.2010...

...Táim ag baint fúm in óstán Ibis ar imeall lár na cathrach i mBéal Féirste. Ceann de na foirgní nua nach raibh ann thart ar fiche bliain ó shin, an uair deireannach a bhí mé sa chathair seo.

Ba bheag nach bhfuil claochlú iomlán tagtha ar an atmaisféar idir an dá linn.

Sa limistéar coisí dom téim isteach in ionad siopadóireachta a d'osclaíodh dhá bhliain ó shin. Téann sé i bhfeidhm go fabhrach orm. An ceann is fearr dá bhfaca me riamh? Nó geall leis? B'fhéidir é. Ach beagáinín ró-ghaofar sa gheimhreadh, mar a mhínionn bean óg ón bPolainn dom, freastalaí na bialainne ar ith mé mo bhricfeasta inti.

Agus dála an bhricfeasta féin. Ó tharla nach raibh an bhialainn ach go díreach tar éis a doirse a oscailt, ní raibh dá raibh ar an mbiachlár ach rud amháin ar fáil: trí chinn de shlisíní bagúin friochta (le citseaip, má bhuaileann an tallan thú) i mbaguette. Más buan mo ghoile... mo leithscéal, mo chuimhne.

Tromluí ifreannach don fheoilshéantóir an méid sin, gan dabht - agus ní amháin don fheoilshéantóir. Níorbh fhada go raibh an t-aigéad gastrach ag brúchtadh aníos.


Ach ní raibh aon chaill ar na cappuccini.

Ó chruinneachán gloine an ionaid tá radharc breá ar an gcathair.


Tógadh ar ghrinneall na Féirste tráth den saol an clog seo. Ach níorbh fhada go raibh sé ag déanamh aithrise ar an túr i bPisa.

Thiomáin mé thart ar Ardeaglais Naomh Áine. Eaglais iontach Rómhánúil. Nuair a tógadh í d'úsáideadh clocha ó gach contae in Éirinn. Músclaíonn an siombalachas smaoineamh fuascailteach ionam.


Ní as aon chloch amháin an tÉireannach.

Bhí mé in áiteanna nach raibh mé riamh iontu...


agus anseo...


agus anseo...


agus san áit seo:


11.07.2010...

... fós in Ibis. Bricfeasta san ostán inniu. Gnáthbhricfeasta an babhta seo, mar a déarfá.

Déanaim cuairt ghairid ar an gCultúrlann i mBóthar na bhFál. Is deas an áit í. Imeachtaí do pháistí ar siúl ar an urlár uachtair. Rogha mór leabhar acu. Gaelscéal ar fáil, ní nach ionadh - bhí Gaelscéal ceannaithe agam cheana féin i lár na cathrach.

Scamaill bhána sa spéir. Lá breá gréine atá ann.

Thiomáinim amach trína bruachbailte ó thuaidh agus ar aghaidh liom suas an cósta.

Tá an dún ina sheasamh go fóill.

I mbun a n-ullmhúcháin i Latharna don oíche roimhe...

Cá bhfuilim anois? I Maighean Rátha, i Rathluirc?

I nGleann Arma atáim.

Cúpla ciliméadar dár gcionn i gCarnlach agus níl a thuilleadh den chineál le feiscint. Seachas Bratach na dTrí Dath, b'fhéidir, ina haonair ar faiteadh sa ghaoth ar bharr cuaille.

Dhein mé stop i mBun Abhann Dalla. Comhartha le cón uachtair reoite (coipthe) air feicthe agam agus bhí fonn cóin uachtair reoite (coipthe) orm dá bharr. (Níl siad ar fáil sa Ghearmáin.)



Phairceáil mé an carr agus bhí mé ag dul síos an tsráid nuair a chuaigh mé thart ar doras oscailte tí tábhairne. Agus chuala mé fuaimeanna aithnidiúla ag teacht amach uaidh. Cluiche ceannais chraobh na Mumhan san iománaíocht a bhí ar siúl ar an teilifís. Na leaids istigh chomh heolach leis na Mumhnaigh féin ar an gcluiche is fearr dá bhfuil. Nach raibh a fhios agam cheana féin gurb amhlaidh atá?

D'ól mé pionta leanna duibh. Bhain sé sásamh as. Bhain mé tátal as freisin; d'fhág mé an carr mar a bhí agus chuaigh mé chuig an t-óstán agus chuir seomra in áirithe le haghaidh na hoíche.

Níor leasc liom fanacht san áit seo. Mar nach raibh sé aitheanta agam i ngan fhios dom féin píosa beag lastuaidh de Latharna? Go fo-thairseachúil, mar a déarfá? An chéad lá ar neamh.

Ar ais arís go dtí an teach tábhairne liom. Ní ba dhéanaí casadh lánúin Spáinneach orm. Bhí cluiche ceannais de chorn an domhain ar siúl an tráthnóna céanna. D'fhiafraigh an bhean díom cá raibh na camáin le cheannach mar ba mhaith léí ceann a chrochadh ar an mballa san árasán i Madrid. Roimh dheireadh na hoíche bhí camán bronnaithe uirthi ag fear cairdiúil ón áit - agus bhí corn an domhain acu freisin. Sár-oíche gan dabht.

Thart ar mheán oíche bhíos ar ais sa seomra óstáin ag itheadh mo héisc agus sceallóg. Agus ag iarraidh an phóit a bheadh agam ar an lá dár gcionn a thomhas.

Ach ansin thosaigh mé ag fealsúnacht liom nach mbeinn ar an gcéad duine de shliocht an Niallaigh ar tháinig buaireamh cloiginn air sa taobh sin tíre. Chuir sin ar mo shuaimhneas mé agus chruinnigh mé mo mhisneach arís.

6 comments:

  1. Chaith me seal, trí seachtainí, i mBéal Feirste, cúpla bliain ó shin, a Fhearghuis, agus d'airigh mé go raibh na daoine ann iontach cuidiúil agus cairdiúil. Ní raibh deis agam dhul ag fámaireacht,faraor.

    Bhain mé an-sult as an tuairisc seo uait. Maith thú!

    Seans ar bith go mbeidh tú in Inis Eoghain am ar bith, nó bhfuil deireadh curtha agat le do thurasóireacht ó thuaidh, a chara?

    ReplyDelete
  2. An-spéisiúil a chara, ag súil leis na hiontrálacha eile.

    Cad a spreag tú chun aghaidh a thabhairt ó thuaidh?
    Nílim ag rá go raibh gá le spreagadh.

    Níl aon amhras ach is é an cúinne is spéisiúla den tír. An chodarsnacht láidir shoiléir idir an-Ghaelachas agus Seoinínteacht sollúnta.

    Tá sé cosúil leis an gcuid eile den tír ach ar stéaróidigh.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. @ Áine: bhí mé in Inis Eoghain sna hochtóidí, a Áine, agus do dhein mé an Inis Eoghain 100. Ach Beidh Dún na nGall ar mo chlár taistil arís; an bhliain seo chugainn, má bhíonn an deis agam.

    @ Dubhaltach: chuaigh mé ó thuaidh chun Gleannta Aontrama a fheiscint arís agus cúpla áiteanna eile nach raibh mé riamh iontu.

    Ba spreagúil é freisin na hathruithe go léir le feiscint. Tá brí tharraingteach éigin ag baint leis an áit.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agat as an turas treoraithe! Níl raibh mé i mBéal Feirste ach uair amháin nuair a bhí mé 21 bliain d'aois agus mé ag taistil ó Ghlaschú go Bleá Cliath. Níor chaith mé ach oíche amháin ann.

    ReplyDelete
  6. B'fhiú go mór cúpla lá a chaitheamh ann.

    Tá atmaisféar níos fuascailte san áit le hais 20 bliain ó shin.

    ReplyDelete