Saturday, October 30, 2010

aibíocht trom an fhómhair ar crochadh go hanghrách...



An é go bhfuil an bhraisle caor dubh seo ag mealladh suirígh na coille ina treo?

Is den trom nó den chrann troim iad na caora dubha. D'aimsigh mé an chéad leagan ar focal.ie agus an dara ceann san “eolaí póca”. Ach an t-ainm a thuigeann an crann féin ná Schwarzer Holunder ós rud é gur abhus ar thóg mé an griangraf.

Úsáidtear na blathraí agus na caora mar chomhábhair sa chistin i mbianna agus i ndeochanna éagsúla. Mar is eol, déantar fíon as na caora.

Óltar an tae a dhéantar as na bláthraí go forleathan sa Ghearmáin. Deirtear gur maith an leigheas é ar shlaghdán nó ar fhliú.

Agus is féidir ruaim a bhaint as na caora. D'úsáidtí an ruaim sin tráth den saol chun leathar a dhathú, mar shampla, agus úsáidtear arís sa lá inniu í toisc gur táirge nádúrtha é.

Luaití go leor piseog - idir dhrochthréithe agus dhea-thréithe - leis an trom sa tseanaimsir.

Seo rann as ceann de laoithe na Féinne dar teideal Oenach indiu luid in rí... (Inniu chuaigh an rí go haonach...)

Suidmít ar in cholbu chrúaid,
doní ar n-ósaic ri óenuair,
láid connud truimm fora thein,
súail naron much don dethaig.

Suímid ar an gcolbha crua.
friothálann sé orainn gan mhoill,
caitheann sé cual troim ar an tine,
ba bheag nár mhúch sé sinn le deatach.

Níl aon amhras ann ach go dtuigeadh na sinsir láithreach nár rómhaith a bhí cúrsaí ag dul ar aghaidh sa dán a luaithe agus a bhí an focal “tro(i)m” ráite ag an reacaire. Is é go gcreidtí go gcuirfeadh sé drochrath ar theach dá ndófaí adhmad an troim sa teallach ann. Sa lá inniu bheadh an tagairt, i scéal nó i scannán mar shampla, don tréith mhírathúil siúd a luaití leis an trom fadó caillte go hiomlán orainn.

Agus ní dhéantaí cliabhán do leanbh riamh as adhmad na crainne troim.

3 comments:

  1. Nuair a léigh mé teideal na blagmhíre seo ar mo liosta ( “aibíocht”, “anghrách”, etc.) bhíos ag súil le híomhá eile! Is ionadh liom go bhfuil na caora ar an trom fós. Bíonn siad ite nó tite faoin am seo sna bólaí seo. An-bhlagmhír!

    NB: tá sainchiall le “osaic” nach bhfuil chomh ginearálta le "friotháil”. Ionladh na gcos atá i gceist.

    ReplyDelete
  2. Caithfidh mé a rá gur thóg mé an grianghraf cúpla seachtain ó shin.

    Dheineas aistriúchán go sciobtha d'aistriúchán Béarla den rann. GRMA as an mbrí don fhocal "osaic". Feiceadh dom ar dtús gurbh fhéidir go raibh cosúlacht ann leis an bhfocal "óstach", ach níl, is dócha.

    ReplyDelete
  3. Maidir le “osaic”, is cosúil go dtáinic sé ó “obsequium” na Laidine. An deasghnáth eaglasta a bhí i gceist ar dtús

    ReplyDelete