Wednesday, October 13, 2010

Na daoine ar deineadh dearmad orthu...

Ceist do thráth na gceist an cheist seo: ainmnigh oileán eile seachas ceann de óileánra na hÉireann a raibh Éireannaigh ina dtromlach ann tráth den saol?

Nó céard faoin gceann seo: cén oileán amach ó chósta thiar na hÉireann a dtagann an fear sa ghrianghraf as?


Bhuel, tá an t-oileán i gceist beagáinín níos faide siar ó dheas ná Na Sceallaga.

Mar leid, seo é cnag ón ngrúpa Typically Tropical a bhain barr na gceartacha amach sa bhliain 1975.




Ní ar Coconut Airways a chuir mórchuid na ndaoine an turas chuig Barbadós díobh sa seachtú haois déag ach tar éis deich seachtaine faoi dheic loinge i seaicilí.

I measc na gclár inspéise eile i gcartlann TG4 tháinig mé ar an gceann seo darb ainm Na Redlegs.

Chuirtí Redlegs ar na sclábhaithe a chuir Cromail i lár na seachtú haoise déag tar éis an chogaidh chun na Cairibe de bharr na caoi a ndóití ag an ngrian iad. Albanaigh, Sasanaigh a bhí ina measc freisin ach de bhunadh Éireannaigh an chuid ba mhó díobh.

Bhí siad ar an oileán ag sclábhaíocht ar na plandálacha sarar tosaíodh úsáid, nó mí-úsáid, a bhaint as sclábhaithe ón Afraic a bhí ní ba chleachta le teas marfach na gréine ná iad.

Tá thart ar deich míle sliochtach de na sclábhaithe geala úd fágtha ar an oileán sa lá inniu agus an mhórchuid acu beo bocht.

Is fiú an clár a fheiscint.

6 comments:

  1. Déanfaidh mé é sin am éigin, gan dabht. Go raibh maith agat, a Ormondo, as m'aird a tharraingt i dtreo an chláir.

    Bhi an saol an-chrua ar Éireannaigh san am a caitheadh, agus ní dochar cuimhne a bheith againn ar a leithéid, le go dtuigimid nach bhfuil an saol chomh crua sin orainn anois, fiú leis an gcúlú ár gcrá.

    ReplyDelete
  2. Is cuimhin liom, a Áine, nuair a bhímís ag plé le stair ainnis na hÉireann sa scoil gur fhiafraigh duine éigin den mhúinteoir lá amháin conas ar éirigh linne, na daoine sa seomra ag an am, teacht slán ón rud go léir!

    ReplyDelete
  3. Ní cuimhin liom, faraor!

    Ach is cuimhin liom duine eile a rá nach raibh sé chomh dona céanna mar a bhí sríofa sna leabhair.

    ReplyDelete
  4. Chuir na focail "redlegs / redshanks" ag smaoineamh mé. Deirtear go minic go dtáinig an téarma Meiriceánach “redneck” ó lorg na gréine ar chraiceann feirmeoirí ar tháinig a sinsir ó thuaisceart na hEorpa, na “Scotch Irish” go háirithe. Ach is cosúil go bhfuil an téarma seo níos sine ná sin. Is féidir go bhfuair muid "redneck" ó ainm a cuireadh ar na Covenanters in Albain. Féach "Scottish Covenanters” anseo. Agus is féidir go dtáinig an téarma “redshanks” ó ainm a bhíodh ar shaighdiúirí Ultacha thart faoin am céanna. NB: “is féidir” a dúirt mé!

    ReplyDelete