Wednesday, July 27, 2011

lámhacán colbha...

 "An Kerb-Chrawladóir"

Chuir Áine liosta focal faoinár mbráid an lá cheana. Focail nua-aimseartha as réimse na meán a bhformhór. Bhí "táillí fánaíochta" ar cheann de na téarmaí, na costais bhreise a ghearrtar ort agus tú as láthair ó do cheantar dúchais (agus an guthán póca á úsaid agat). Ní mór a bheith ar an airdeall nach dtiocfadh na táillí fánaíochta nó a leithéid aniar aduaidh ort agus tú i mbun cúrsaí cainte in imigéin. Ar uairibh tagtar aniar aduaidh ormsa ós rud é go bhfuilim as láthair le triocha bliain anuas agus, in ainneoin an Idirlín - cá mbeinn gan é?!, ní bhím i gcónaí go h-iomlán suas chun dáta i dtaobh an bhéarlagair úir. 

Ba chóir go mba leor sin mar rabhadh dom gan mo ladar a chur isteach nuair a chuir SeanO ceist faoi bhrí an fhocail "kerbing"Kerbing? Nach raibh an téarma sin feicthe agam áit éigin? I dtuairisc sa nuachtán, nach ea, ina raibh na Gardaí ag tabhairt amach faoi thiománaithe a bheith i mbun a leithéide: mar atá ag dul go ró-mhall agus ag moilleadóireacht i lár na cathrach? Nach aisteach na nósanna nua sa lá inniu, cheap mé dom féin ag an am. Nárbh é an róluas a bhíodh mar fhadhb againn tráth den saol? Ní mhair an tsoineantacht ach beagán, áfach. Ar a dhéanaí nuair ba léir gur fir go h-eisiach a bhíonn i mbun an chleachtaidh siúd nocht an bhrí cheart chugam gan mhoill.

Ach níor nochtadh chugam an lá cheana go raibh focal eile ina theannta nuair a chuaigh mé i mbun an téarma a mhíniú. Mea cholbhú, mea cholbhú, mea maxima colbhú agus tá súil agam nár chuir mé aon duine saonta neamhchiontach - más ann dá leithéid feasta - ar strae. Mar sin - agus ar eagla na h-eagla, cuirim fainic oraibh: Fantar glan ar na colbhaí!

(Dála an scéil, is gairm bheatha lán-mheasúil í an colbhú de réir na brí cirte. D'fhéadfadh an chléir féin - mar a deirtí fadó - dul leis.)

3 comments:

  1. Maidir leis na 'táillí fánaíochta', fuair mé rabhadh ó O2 (Shasana) le déanaí nuair a chuir mé iad ar an eolas faoi mo shaoire samhraidh. Mhínigh siad dom go mbeadh táillí faoi thrí agam i gcomhair glórphoist a chloisteáil agus mé in Éirinn. An chéad táille chun fáil isteach ar an gcuntas, an dara ceann chun an teachtaireacht a sheoladh ón mBreatain go hÉirinn, agus an tríú ceann chun éisteacht leis!!! Is cosúil nár chuala siad riamh: 'talk is cheap'.

    ReplyDelete