Friday, August 26, 2011

cá bhfuil an pápa... ?

Bhí meas agam ar a réamhtheachtaí cé nár aontaigh mé i gcónaí lena thuairimí. Ach níor mhór a admháil gur cheannaire spioradálach é Karol Wojtyła a thuig an ról a bhí aige. Cháineadh sé, mar shampla, an cogadh agus an dúnmharú, fiú amháin nuair a bhíodh tíortha an Iarthair ina bhun.

Ach céard faoi Josef Ratzinger?

Ní thugann sé oiread is gíog as, d'ainneoin a bhfuil ag tarlú faoi láthair. Is fear an chórais é, de réír dealraimh, murabh ionann agus an duine a bhfuil sé in ainm is a bheith ina fhear ionaid air.

Cé nach rabhas riamh cráifeach, táim den bharúil go mba mhór an trua é dá dtiontódh an Caitlicheas ina sheict éasóiteiriciúil.

8 comments:

  1. Ní fíor! Ní ionann nach ndéantar tuairisciú ar agus é bheith balbh!

    Mar shampla: anseo

    anseo

    ReplyDelete
  2. Níor mór cuir san áireamh freisin gur amharc na meáin Iartharacha ar Eoin Pól II mar laoch frithchumannach agus thug éisteacht dá réir dó. Ach aon uair a deir Josef Ratzinger rud ar bith meabhraítear dúinn agus dó gur chaith sé seal san Hitlerjugend - agus é intuighte gur le toil a rinne sin, go bhfuil sé amhrasach.

    Ainneoin nach bhfuil oiread na fríde difir idir theagasc na beirte, agus iad ag oibriú as lámha a chéile le breis agus ceathrú céad.

    ReplyDelete
  3. Nach bhfuil gá leis sa lá inniu go mbeadh an Pápa ina chineál reibiliúnaigh?

    Más amhlaidh atá sé, bheadh sé doiligh do Josef Ratzinger an ról sin a imirt i bhfianaise an chúlra choimeádaigh as a dtagann sé mar ní dual do dhaoine ón gcúlra sin seasamh in aghaidh an chórais.

    ReplyDelete
  4. I gcead duit, a Fhearghuis, sin brilléis. Is léir nach bhfuil mórán dá bhfuil scríofa aige léite agat.

    ReplyDelete
  5. Ní thugtar aird ar “ór fíre ceann na híomhá” nuair is léir don saol mór go bhfuil troithe de “iarann cumaiscthe le cré agus láib” faoi.

    ReplyDelete
  6. Ar aon nós, cibé acu is údar leis, an cur i láthair uaidh féin nó an t-eacspóisear a thugann na meáin dó, níl sé ar chomhchéim lena réamhtheachtaí ó thaobh a éifeachta de.

    An é gur ré nó réimeas eatramhach atá i gceist i ndáiríre?

    ReplyDelete
  7. Is go mall a bhíonn fíor tionchar Pápa le feiceáil - teagasc. Ní dóigh liom go mbeidh dada eatarthu i bhfianaise na staire.

    ReplyDelete