Tuesday, October 25, 2011

michael d. rónaofa: tá paidir aige ...!



creid, a mhic, i michael d. go glan
ná tabhair vóta riamh gan fáth
coimeád an tír seo mar is cóir
tabhair do na iarrthóirí eile onóir
ach ná déan marú, cam ná drúis
ná dóchas bréige ar aon chúis
ná santaigh rath nach rathúnas é
ach bladhmann agus bladar baoth

6 comments:

  1. Go deas. Paidir chapaill a bhí sa rud ar fad go n-uige seo.

    ReplyDelete
  2. Tabhair do vóta do Mhichael D. agus beidh beirt ar phraghas aonair agat, Uachtarán agus Banríon!

    ReplyDelete
  3. @ Aonghus

    "Paidir chapaill": ní raibh an ceann sin agam. (GRMA as ceacht an lae!)

    "Ná déan paidir chapaill de." = Ná déan scéal fadálach as. (Ó Dónaill)


    @ Áine

    Leagan athraithe é den tseanrím a chuidíodh le daoine tráth dá raibh na Deich nAitheanta a choinneáil de ghlanmheabhair.

    (Creid, a Mhic, i nDia go glan.
    Ná tabhair ainm Dé gan fáth.
    Coimeád an tsaoire mar is cóir.
    Tabhair dod' athair is dod' mháthair onóir.
    Ná déan marú, goid ná drúis,
    Ná fianaise bhréige ar aon chúis.
    Na santaigh bean nach leat féin,
    Clann duine eile ná a airnéis.)


    @ Dennis

    Triúr! Is fíorGhaeilgeoir é, leis!

    ReplyDelete
  4. "agus an ganja?"

    Agus Michael D. i láthair níl gá lena leithéid! ;-)

    ReplyDelete