Thursday, April 26, 2012

bagáiste cultúrtha...?


Bhí an léirmheas seo ar leabhar nua leis an úscéalaí Albanach Douglas Galbraith le léamh san IT ar na mallaibh. Bhí Galbraith pósta le bean ón tSeapáin ar chuir sé aithne uirthi nuair a bhí an bheirt acu ag freastal ar an ollscoil i gCambridge. D'fhág sí gan choinne é i 2003 i dteannta leis an mbeirt mhac óga a bhí acu idir an dá linn agus d'fhill sí ar ais ar an tSeapáin. Scartha atá siad anois agus riamh ón am ar fhág a bhean chéile é ba bheag an teangmháil a bhí ag Galbraith lena mhic. Baineann an leabhar nua leis an scéal brónach seo, ar cineál ruda é, áfach, a tharlaíonn minic go leor ar na saolta seo, faraor.

B'é an rud, áfach, a chuir ag smaoineamh mé sa chás seo ná an úsáid a bhaineann Galbraith as an téarma  "cultural baggage". Deir Galbraith san alt go raibh a iarbhean chéile tráth an ama ar chuir sé aithne uirthi i gCambridge ina bean dá leithéid seo: “a cosmopolitan, impressive, intellectual woman who seemed to have freed herself from any cultural baggage”

"Cultural baggage?" An dtuigim i gceart a bhfuil á rá aige? arsa mise liom féin.

(Dála an scéil, fad a bhíos ar mo mharana, chuardaigh mé na gnáthfhoinsí ach ní fuair mé aon ghaelú ar "cultural baggage".)

Is é a tharla i gcás Galbraith mar a thuigimse an scéal - agus gan ach an t-alt thuasluaite a bheith léite agam - ná go raibh nósanna agus modh maireachtála shaol lár srutha an iarthair Bhéarla á gcleachtadh ag an mbean chéile go dtí gur saolaíodh an chéad mhac. Is amhlaidh ansin gur athmhúscail an ball úr den chéad ghlúin eile - ní hamháin den teaghlach ach dá sliocht Seapánach féin! - féiniúlacht a dúchais ag an mbean agus de réir a chéile thosaigh sí ag tiontú ar a cultúr féin agus, i ndeireadh na dála, d'fhill sí ar a tír dhúchais ar fad.

An é go raibh sí i ngéibheann ag a "cultural baggage" arís?




Ní d'aon ghnó i ngach cás, b'fhéidir, ach an é go léiríonn úsáid an téarma "cultural baggage" drochmheas cúngaigeanta éigin ar chultúir eile?


8 comments:

  1. is amhlaidh gur nimhneach a bhagáiste iarphósta aige féin, mar Galbraith. Mar is dual, ar ndóigh, ag an phointe seo, á chosaint ón ghortú anama a fhágann scaradh ar dhuine. Agus in áit f*** **f a rá, mar a deir go leor daoine scartha, tá sé á chlúdach le focail iolshiollabacha a phioc sé amach as 'lucky bag' a repertoire féin.

    ReplyDelete
  2. an é go léiríonn úsáid an téarma "cultural baggage" drochmheas cúngaigeanta éigin ar chultúir eile?

    Sea, ach is féidir an téarma a úsáid le do chultúr féin, nó do easpa thuisceana féin, a dhíspeagadh freisin. Tig le duine a admháil nár éirigh leis go maith áit éigin de dheasca an bhagáiste chultúrtha a bhí air féin.

    Chuir an leabhar The Ugly American an scéal seo ar ár súile dúinn abhus anseo i bhfad ó shin nuair a bhí mé i mo dhéagóir.

    ReplyDelete
  3. "á chosaint ón ghortú anama a fhágann scaradh ar dhuine"

    Ní foláir nó go bhfuil an ceart agat. Is é atá cuachta suas sa téarma "cultural baggage" ná go bhfuil sé ag déanamh uasal le híseal uirthí ar bhonn cultúrtha agus ag tabhairt le fios gur thit an dúchas amach trí shúile an chait uirthi i ndeireadh an lae - dá fheabhas féín a cur i láthair i dtús báíre i dtaca le hí a bheith ar chomhchéim leis an aon chultúr inghlactha amháin.

    ReplyDelete
  4. "Sea, ach is féidir an téarma a úsáid le do chultúr féin, nó do easpa thuisceana féin, a dhíspeagadh freisin."

    Cás eile é má bhaineann sé leat féin nó le do chultúr féin. Níl aon dabht ach gur bhain mé úsáid as an téarma céanna sa chomhthéacs sin - dá mba bhuaine mo chuimhne ná mar atá sé!

    Má úsáidtear é i gcás cultúir eile, áfach, is réamhchlaonadh a bhíonn i gceist go minic.

    ReplyDelete
  5. gan choinne

    Léigh an alt arís! Bhí coinne aige leis, nár sciob sé pas na gasúir uaithi! Ach fuair sí cinn nua dóibh.

    Bheadh spéis agam ina taobh siúd den scéal.

    Ach bíonn drochbhlas dar liom ar cultural baggage cuma cé dó atá an tagairt.

    Pé scéal é, sílim go músclaíonn breith gasúir athmhachnamh ar féiniúlacht agus Weltanschauung duine, mar go bhfuil ort cuimhneach cén chuid de'd oidhreacht atá le roinnt leo.

    ReplyDelete
  6. @ réamhchlaonadh @ cultural baggage

    Ní lia duine ná tuairim, is dóigh liom.

    Tagaim le hAonghus maidir leis an 'drochbhlas' sin a luaigh sé.

    ReplyDelete
  7. @Aonghus

    "Léigh an alt arís! Bhí coinne aige leis"

    Mo leithscéal as an míchruinneas! Léigh mé an t-alt dhá sheachtain sarar scríobh mé an bhlagmhír; ar an tseift leis an "cultural baggage" a bhí m'aird dírithe.

    "go bhfuil ort cuimhneach cén chuid de'd oidhreacht atá le roinnt leo."

    Is amhlaidh gur faoi anáil a dhúchais a mhaireann an cine daonna i gcónaí, más olc maith leis é.

    @Áine

    "Tagaim le hAonghus maidir leis an 'drochbhlas' sin a luaigh sé."

    Baintear úsáid as a leithéid de théarma, is dócha, le cur in iúl go bhfuil an rud atáthar a mhaíomh socraithe cheana féin agus aitheanta go forleathan mar fhíoras.

    ReplyDelete
  8. A réaltáin, ní dóigh liom gur thug brí an ailt bhunaidh leat. Seans nach fíor dó ach más fíor dó, bhi fadhbanna uafásacha ag an mbean rud a thug uirthi imeacht ón tír ar fad ar fad, is gan na páistí feicthe aige ó shin.

    ReplyDelete