Tuesday, September 4, 2012

an cháin, an dlúthdhiosca agus an dlí...


An bhfuil a fhios agaibh cad is "offenes Geheimnis" ann?

Is rún é nach rún é i ndáiríre. An dtuigeann sibh?

Ní rún é go gcuireann líon mór de na daoine sa Ghearmáin a bhfuil farasbarr airgid acu cuid mhór den airgead i bhfolach san Eilvéis nó i Lichtinstéin chun íocaíochtaí cánach a sheachaint.

Tá imghabháil cánach neamhdhleathach. Agus ní rún é sin ach chomh beag.

Agus ní rún é go dtacaíonn formhór na ndaoine seo leis na (Nua-)Liobrálaigh agus leis na Daonlathaithe Críostaí.

Agus ní rún é ach chomh beag gurb é an réiteach ar fhadhb na himghabhála cánach a bhíonn ag na stáit fheidearálacha abhus a bhfuil na Daonlathaithe Críostaí agus na (Nua-)Liobrálaigh i réim iontu ná líon na gcigirí cánach a choinneáil chomh beag agus is féidir.

Sna blianta beaga, áfach, tháinig fostaithe na mbanc san Eilvéis agus i Lichtinstéin de réir a chéile ar an eolas go bhféadfaídís líon mór sonraí faoina himghabhálaithe cánach siúd a scríobh ar dhlúthdhiosca agus an dlúthdhiosca a dhíol ar lear mór airgid leis an tír ina raibh na himghabhálaithe cánach ag sárú an dlí. Agus do dhein siad amhlaidh. Agus do fuair státchiste na Gearmáine a lán airgid óna himghabhálaithe cánach siúd.

Ach le déanaí nochtadh d'Aire Dlí agus Cirt na Gearmáne  - ar ball de na (Nua-)Liobrálaigh í - gur measa fós ná an imghabháil cánach féin é sonraí bainc na n-imghabhálaithe cánach a scríobh ar dhlúthdhiosca agus é a dhíol le duine eile, nó le stát eile. Gadaíocht a bheadh i gceist. Agus is drochghníomh amach is amach é má cheannaíonn an stát i gceist an dlúthdhiosca.

Polaiteoirí le prionsabail, cad a dhéanaimis dá n-uireasa?...

3 comments:

  1. Dochreidte.

    An é gur chruthaigh fostaithe na mbanc na dlúthdhioscaí seo iad féin chun breis airgid a thuilleamh, nó an é gur polasaí na mbanc a bhí ann dul i ngleic leis an imghabháil? Cheapas riamh go raibh bancanna na hEilvéise/Lichtinstéine iontach rúndiamhair ó thaobh úinéirí a gcuntas de.

    ReplyDelete
  2. Déanann na fostaithe é as a stuaim féín chun airgead a thuilleadh, a lán airgid - bíonn suimeanna de roinnt milliún i gceist. Mar sin, tá sé mídhleathach sa stát ina ngoidtear na sonraí. Ach tá na billiúin faighte ag an stát óna daoine a raibh a n-ainmneacha ar na dlúthdhioscaí go dtí seo.

    ReplyDelete
  3. Hmmmm, mar sin tá fostaithe na mbanc sásta dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann lena dtionscal lofa chomh fada is a chuireann sé lena rachmas féin. Ní chuireann sé sin iontas orm.

    ReplyDelete