Friday, September 14, 2012

cá bhfuil do thriall?: scéal canúnach...

Ba mhian leis an mbean eitilt go dtí Porto a chur in áirithe di féin sa ghníomhaireacht taistil ach ós rud é gurb as an tSacsain di chuir an bhean eile, ar fostaí na gníomhaireachta taistil í, in ionad eitilte go Porto eitilt go Bordeaux in áirithe don bhean. Agus toisc gur dhein fostaí na gníomhaireachta taistil athrá faoi dhó i nGearmáinis ardchaighdeánach ar cheann scríbe na heitilte de réir mar a thuig sise é, chinn an breitheamh sa chúirt i Stuttgart go raibh conradh bailí tagtha i bhfeidhm ag an bpointe sin agus gur cóir don Sacsanach mná praghas na heitilte a íoc dá bharr - cé nár theastaigh uaithi dul go Bordeaux. 294 € a bhí i gceist.

Dár ndóigh, ní mór é a bheith ar an eolas ag duine go bhfuil canúint sách leithleach ag na Sacsanaigh. Ach, ag an am céanna, ní féidir a shéanadh go bhfuil canúint sách leithleach ag na Suáibigh freisin (is cuid de Shuáibe Stuttgart). Ní fios dom, mar sin, cén tslat tomhais í ar bhain an breitheamh úsáid aisti chun a bheith cinnte gur Hochdeutsch a bhí á labhairt ag fostaí na gníomhaireachta.

Cad é bhur dtuairim:

1. Gur cheap an Sacsanach mná gur chomhghleacai Sacsanach an bhean eile?
2. Nár aithin an Sacsanach mná an difríocht idir a canúint féin agus an caighdeán oifigiúil?
3. Gur Shuáibeach a bhí á labhairt ag an mbean eile agus nár thuig sí í a bheag ná a mhór?

7 comments:

  1. … ná gur chuma léi?

    ReplyDelete
  2. Ceapaim féin gur chuma léí ach, ag an am céanna, nár aithin sí an difríocht idir a canúint féin agus an caighdeán oifigiúil.

    Ar aon chaoi, is scéal é atá ag baint na ndeor as an bpobal abhus faoi láthair.

    ReplyDelete
  3. Feicim gurbh ar an bhfón a tharla an míthuiscint

    2, sílim. Is beag difear le clos idir Porto na Sacsan agus Bordeaux an Chaighdeáin.

    ReplyDelete
  4. Ach, faoi mar a fheictear, is fiú an ceann scríbe a litriú ó am go chéile...

    ReplyDelete
  5. Ná bí ag caint liomsa faoi chúrsaí canúna - mar is eol duit, a Fhearghuis, bíonn fadhbanna agam féin le canúint, ó am go chéile!

    ReplyDelete
  6. Nuair a fuair mé carr ar cíos in Dijon, dúras go mbeinn ag tiomáint go Beaune ar dtús, agus chuir mé eolas an bhealaigh ar mo dhuine. Lig sé air gur Bonn a dúirt mé. Ach is ag spraoi liom a bhí sé, sin an méid, agus bhain a chuid pleidhcíochta gáire as an duine eile taobh thiar den chuntar.

    ReplyDelete
  7. @ Áine
    Bhain an scéal sin na deora asam!


    @ Dennis
    Ní raibh tú ró-fhada ón nGearmáin. An raibh tú i gColmar nó sa cheantar sin?

    ReplyDelete