Monday, September 17, 2012

ceol cinniúnach an fhéileacáin...

Más duine mór scannánaíochta duine de do lucht aitheantais agus más mian leat dul i gcion air/uirthi uair éigin, d'fhéadfá an sonra beag seo a leanas a fhí isteach sa chomhrá - go réchúiseach, neamhdhíreach ar nós dála-an-scéil, tá a fhios agat.

Is amhlaidh gur féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an scannán úd Psycho feicthe ag cách agus go ndeachaigh an radharc faoin gcithfholcadh leis an gceol scanrúil i bhfeidhm ar gach éinne.

Bhuel, maidir leis an gceol sin, ba é an cumadóir Meiriceánach Bernard Herrmann a chum an scór don scannán, a tháinig amach sa bhliain 1960.

Tharla go raibh mé, an lá cheana, ag éisteacht le píosa ceoil bhailé a chum an cumadóir Albert Roussel sa bhliain 1912. Le Festin de l'Araignée (Féasta an Damháin Alla) an t-ainm don phíosa agus nuair a chuala mé an mhír seo (comhad-mp3 ar fáil faoin nasc seo: https://www.box.com/s/iboaexwcz6asi75heel7) leis an teideal "Gabhtar an Féileacán sa Líontán" chonacthas dom gur aithin mé an tús ó áit éigin.

(Níl ach cúpla soicind de taifeadta agam agus é sin faoi dhó, go díreach i ndiaidh a chéile, le go gcloisfí i gceart é.)

An aithníonn sibh é? Más mian libh, is féidir é a chur i gcomparáíd le scór an scannáin féin. Tá an blúirín gearr i gceist le cloisint thíos ó 2:24 ar aghaidh.



Sa chur síos ar scór an scannáin i Vicipéid ní luaitear aon nasc leis an bpíosa ceoil a chum Roussel tráth den saol.

Scríobh beathaisnéisí Herrmann (fear darb ain Steven C. Smith) an méid seo faoi cheol an radhairc cithfhoctha: "gur dócha gurb é an leid éisteachta is mó cáil (agus an ceann is minice a ndéantar aithris urthi!!!)". Dála an scéil, is uaimse na comharthaí uaillbhreasa.

Is suimiúil iad na focail "leid" agus "aithris" sa chomhthéacs seo!

Ar an taobh eile de, is deacair a bheith cinnte de nár chum sé an ceol taibhsiúil céanna gan a bheith faoi anáil an chumadóra eile. Agus ní mór a lua gur cleachtas ag go leor ealaíontóirí ar na saolta seo é tagairt a dhéanamh do shaothar ealaíontóra eile trí píosa beag de a chur isteach ina saothair féin mar "omós" nó "athfhriotal"?

Ní raibh Albert Roussel ina bheatha ní ba mhó (bhásaigh sé sa bhliain 1937) nuair a tháinig Psycho amach. Ach b'fhéidir gurbh fhearr dó gan a bheith sa phictiúrlann agus an radharc sa chithfholcadh ag nochtadh chuige, mar má bhain sé geit as an ngnáthphobal, b'amhlaidh go mbainfeadh sé geit de bhreis as Roussel.

3 comments:

  1. Talamh slán de? Ní fhaca mé Psycho riamh. Ní maith liom scannáin mar sin.

    ReplyDelete
  2. An-suimiúil go deo. Faraor, níl Psycho feicithe agamsa ach oiread! A leithéid de léitheoirí!!

    DAS, tá scannán sna pictiúrlanna faoi láthair darbh ainm Berberian Sound Studio faoi ealaíontóir Foley Sasanach (Toby Jones) atá ag obair ar scannán uafáis Iodálach. Tá sé in ainm is a bheith an-mhaith.

    ReplyDelete
  3. @Dennis
    Cheap mé gur ar thalamh slán a bhí mé nuair a scríobh mean méid sin.

    @John
    Agus níl sé feicthe agatsa ach chomh beag!

    GRMA as an nod.

    ReplyDelete