Tharla dom a bheith ag feitheamh leis
an traein sa stáisiún seo inniu. Sna nóchaidí bhínn anseo uair
amháin in aghaidh na seachtaine ar meán. Bhí aithne mhaith agam ar
an stáisiún an tráth sin.
Bhíodh caifé beag ann ina mbíodh na
daoine ag ól caife agus ag caitheamh toitíní. Bhíodh tábhairne
ann ina mbítí ag ól beorach agus ag caitheamh toitíní. Sa halla mór bhítí ag caitheamh toitíní. I ngach cúinne de bhítí ag caitheamh toitíní. Sa seomra feithimh, sa tollán
faoina hardáin, thuas ar gach ardán.
Ba dhóigh leat go raibh an
stáisiún féin ina shíorchaiteoir toitíní, an toit ag teacht as
gach piochán de agus é ina luaithreadán dó féin. Agus bhíodh na
traenacha a stadadh sa stáisiún lán de thoit nach mór agus iad á
hiompar ó cheann ceann na tíre.
Deineadh an stáisiún a athfhorbairt
roinnt blianta ó shin*. Rith sé liom go bhféadfainn
grianghraf nó dhó a dhéanamh de agus mé ag feitheamh leis an
traein.
Is geall le teampall galánta an
tomhaltachais é sa lá inniu.
Ar aon nós, ní dóigh liom go
mbraithim uaim an phrochóg thoiteach.
An bhfuil a fhios ag éinne cá bhfuil
an stáisiún i gceist? (Géire na deacrachta: íseal)
* Roinnt blianta ó shin = 2001! - mar a fuair mé
amach ar an idirlín níos déanaí.