Saturday, May 31, 2014

cad é an ghaeilge ar "ag binge-watcháil"?..




Ní dócha gur uaimse a fuair sí an leid ach ar na mallaibh scríobh Mary Kenny sa Sindo go raibh Breaking Bad chomh tábhachtach le Macbeth agus Othello. Ó thaobh na drámaíochta de, an dtuigeann sibh?

Julius Caesar is ea a bhí agam féin don Mheánteist agus King Lear don Ardteist. Thaitin Julian Caesar ní ba mhó liom ná an ceann eile mar bhí plota cineál suimiúil ag baint leis. Is é atá sa dráma King Lear ná scéal fadálach áiféiseach, deimhniú (agus athdheimhniú) ar an seanfhocal a deir nach amadán go sean-amadán. Tá bua na gontachta ag an seanfhocal, áfach.

Agus i ndiaidh gach ní: nach ag déanamh éagóra ar shaothar ealaíne atáthar nuair a shraontar amach as a ghnáthóg dhúchasach é agus isteach sa seomra scoile chun mí-úsaid a bhaint as mar ábhar ciaptha do dhaltaí scoile arbh fhearr leo a bheith ag féachaint ar Na Sopráin? Mar atáim féin i mbun tabhairt faoi le dhá mhí anuas...

Níor lú liom an sioc ná sraitheanna teilifíse gur chuir comhghleacaí oibre liom ina luí orm deireadh na bliana seo caite a fheabhas is a bhí Breaking Bad agus cé chomh éagsúil lena leithéidí Dallas agus Desperate Doctors. Agus anois tá na 62 eipeasóid uile feicthe agam chomh maith leis an gcéad séasúr de Homeland agus House of Cards araon, gan trácht ar Love/Hate. Gach ceann acu ar DVD, gan srian, gan teorainn...

Faoi láthair tá 67 de na 86 eipeasóid den tsraith The Sopranos feicthe agam...

Cuirigí i gcás go gcuirfinn glao gutháin uair éigin ar an Betty Ford Clinic, mar shampla, chun a fháil amach an bhfuilim ag dul thar fóir ar fad leis an ngnás nua, mar shampla, agus cuirigí i gcás nach bhfuil ach Gaeilge ag an bhfáilteoir, conas mar a déarfainn "ag binge-watcháil" as Gaeilge sa chás sin?



No comments:

Post a Comment