Duomo di Milano (Ardeaglais Milano)
Ní raibh ach 115 km le cur dínn ón áit ina rabhamar ag baint fúinn gur shroicheamar Milano ar an gCéadaoin.
Leid don taistealaí: ag taisteal duit aduaidh i gcarr is fearr duit an carrchlós i
Lampugnano a úsáid agus dul uaidh sin isteach go lár na cathrach sa
mheitreo. Ní chosnaíonn an turas isteach ach € 1,50 an duine (ticéad lae, € 4,50). Agus nuair a d'fhilleamar arís sa tráthnóna ní raibh ach € 1,50 le híoc as an gcarr a bheith breis agus seacht n-uaire a chloig sa charrchlós.
Piazza del Duomo (Iarracht ar lánléargas!)
Tá an chearnóg i Milano agus na sráideanna thart timpeall uirthi ar ceann de na sean-láir cathrach is galánta agus is dílse ó thaobh an chaomhantais de dá bhfaca mé go dtí seo.
Milano
Milano
La Scala
Sa chaifé i nGallerie d'Italia ar Piazza Scala d'ólamar an t-espresso (ar €1,50 an cupáinín) is fearr dár ól mé le fada. Ní rabhamar sa dánlann féin, áfach.
Triptic de Camerino (1482, Carlo Crivelli)
Ina ionad sin thugamar cuairt ar an b
Pinacoteca di Brera. Sa triptic thuas tá na heochracha sa phictiúr ar chlé ar crochadh den pictiúr.
Sean-phictiúir don chuid is mó atá sa Pinacoteca di Brera ach tá bailiúchán suntasach den Nua-Ealaín ann freisin, ina measc saothair le
Giorgio Morandi a raibh an t-ábhar neamhbheo, nó
natura morta, mar shain-ábhar aige. Má tá "
Falling Man" le Don DeLillo léite agat, b'fhéidir gur cuimhin leat go raibh dhá phictiúr le Morandi ar crochadh san arasán ag ceann de na príomhcharachtair.