"Jetzt zu!“ (Ar aghaidh libh!)
" an-diugh... beannachd leat..."
"Was ist das für eine Sprache, ist es Irisch?“ (Cén teanga í sin, an Gaeilge í?)
"Ich würde es für Gälisch halten.“ (Déarfainn gur Gàidhlig í.)
(Tá canúint láidir Bhavárach ar an té a deir “Jetzt zua!”.)
Is sraith teilifíse Polizeiruf 110 a thagann as Oirthear na Gearmáine agus tá sí ar cheann de líon beag de na cláir teilifíse ón sean-oirthear a tháinig slán as athaontú na Gearmáine.
Ní raibh mé in ann ach “an-diugh“ agus "beannachd leat“ a thabhairt liom.
Íoróin mhín atá i gceist mar ní móide gur saineolaithe ar na teangacha Ceilteacha an bheirt!
Dála an scéil, Matthias Brandt is ainm don aisteoir a deir, "Ich würde es für Gälisch halten.“ An mac is óige le Willi Brandt é.
Ní raibh na léirmheasanna sna meáin ar maidin go ró-mhaith, áfach.
No comments:
Post a Comment