Dé Domhnaigh, ceathrú tar éis a hocht, príomhchlár nuachta (Tagesschau) an phríomhchainéil ARD thart agus tá sé in am don Tatort, an tsraith bhleachtaireachta leis an lucht féachana is mó sa Ghearmáin.
Cuirtear tús le gach eipeasóid leis an tsraitheog chéanna, leis an bhfear ag féachaint tríd an scoilt agus leis an gceol dramatúil.
Ón tús bhí an córas teilifíse sa Ghearmáin bunaithe ar an gcóras feidearálach agus tháinig na sé chainéal (Süddeutscher Rundfunk. Bayrischer Rundfunk, Hessischer Rundfunk srl.), a bhí an san iarthar, le chéile le RIAS Berlin sa bhliain 1950 agus bhunaigh siad an ARD – ciallaíonn an t-acrainm “Arbeitsgemeinschaft der öffentlich-rechtlichen Rundfunkanstalten der Bundesrepublik Deutschland“!
Chraol an ARD an chéad eipeasóid de Tatort sa bhliain 1970 leis an bhfo-theideal Taxi nach Leipzig. Chun na costais a roinnt ar na cainéil éagsúla, socraíodh ón tús go ndéanfadh gach cainéal a eipeasóidí féin.
Ba chinneadh ámharach é seo mar - faoi láthair, mar shampla - bíonn naonúr bleachtairí déag éagsúla - nó naoi bhfoireann bhleachtaireachta, lena bheith beacht – in áiteanna éagsúla ó Kiel go Vín ag dul sa tóir ar an gcoiriúlacht agus baintear úsáid as an Lokalkolorit, na cúlraí éagsúla agus tréithe suntasacha na n-áiteanna éagsúla agus an phobail sna háiteanna sin. Idir an dá linn, tá teilifís na hOstaire (ORF 2) agus na hEilvéise (SRF 1) páirteach sa tsraith freisin, chomh maith leis na cainéil ón oirthear.
Is scannán ann féin gach eipeasóid agus déantar dhá nó trí scannán in aghaidh na bliana ar an meán i ngach de na háiteanna. Mar shampla, craoladh dhá eipeasóid den Tatort as Stuttgart leis na bleachtairí Lannert agus Bootz anuraidh agus trí eipeasóid den Tatort as München le Batic agus Leitmayr.
Cé nach raibh na scripteanna thar moladh beirte ar uairibh sna blianta beaga - de bharr easpa airgid, deirtear - is iondúil go bhféachann na daoine, ar a laghad, ar an Tatort as a gceantar féin. Faoi láthair is é an Tatort as Münster le Thiel agus Boerne an ceann a mheallann an lucht féachana is mó. Sa cheann seo is paiteolaí (Boerne) duine amháin den fhoireann agus baintear greann nach beag as an gcodarsnacht idir an paiteolaí ard-léannta, oilte, cultúrtha, saoithíneach atá an-mhór as féin agus an bleachtaire, Kriminalhauptkommissar Thiel, fear beorach agus sacair, nach dtéann faic na fríde de ghothaí ardnósacha an fhir eile i gcion air.
Pearsa chultais agus an Kommisssar ba cháiliúla ar fad ab ea Hauptkommissar Horst Schimanski ón Kripo Duisburg (Kriminalpolizei = Poilíní Coiriúla) a bhí “gníomhach” ó 1981 go 1991. Götz George an t-aisteoir a bheoigh an príomhcharactar Schimanski ar dhóigh a bheadh insamhlaithe ar na saolta seo.