Dílleachtaí agus
páistí le tuismitheoirí colscartha don chuid ba mhó a bhíodh i
gceist. Thógadh na húdaráis óna muintir iad agus ba mhinic a
chuiridis ar ceant ar mhargaí dintiúir iad. Tugadh páiste do
cibé teaghlach a d'éiligh
an costas coinneála ab ísle ón stát.
Go hiondúil ba ar
fheirmeacha a chuirtí chun oibre iad mar sheirfigh a bheadh i mbun
oibre éigeantais. Agus is ar éigean a fuair aon duine díobh an
phingin rua féin mar phá nó mar airgead póca.
Le cois an
dúshaothraithe ba mhinic a thugtaí drochíde dóibh agus a
d'fhulaing siad
mí-úsáid ghnéis.
Meastar go raibh na
céadta mílte de na páistí dintiúir seo ann anuas go dtí na
1970í féin. Sa lá inniu meastar go bhfuil idir 15,000 agus 25,000
fós ina mbeatha agus, ní nach ionadh, fadhbanna síceolaíocha ag
go leor acu.
B'fhada an
tsochaí ag
tabhairt neamhairde
ar an gcúis
náire agus an chluas bhodhar á tabhairt ag na polaiteoirí don
ábhar geise seo. Bhí an chuma ar an scéal go rabhthas ag iarraidh
an cás a chur ar an méar fhada go dtí go mbeadh gach duine de na
páistí dintiúir ar shlí na fírinne.
Ach is cosúil anois
gur éirigh leis an bhfeachtas a bhí ar bun le blianta anuas a raibh
mar chuspóir aige cúiteamh airgid a bhaint amach do na páistí
dintiúir. D'ainneoin
nach beag líon na bpolaiteoirí a mhaígh go raibh drogall orthu ar
eagla go mbunódh a leithéid nós contúirteach - nó fasach mar a
deir an lucht dlí – táthar ag súil leis go mbronnfaidh
parlaimint na hElvéise ag deireadh na míosa seo €23,000
ar gach duine de na páistí dintiúir, nó
Verdingkinder mar a thugtar orthu san Eilvéis.