Saturday, November 4, 2017

Cruthú an Chine Dhaonna

 de réir thraidisiún an phobail Mhapúitsigh (Mapuche) i Meiriceá Theas




Bhí an dea-dhia Chachao dubh dóite i síoraíocht na nArda Neimhe, agus b'áil leis tuirlingt chun an Talaimh. Ag an am sin, bhí an Talamh fós fliuch báite, agus bhí nithe gearrshaolacha agus inathraithe ina gcónaí ann. Thaistil Chachao, nó "Sean-Indiaich", ar Bhealach na Bó Finne, a shín anuas a fhad leis an bpampa an aimsir sin agus a dtugtar fós Conair na Neimhe sa teanga choiteann air. Bhain Chachao, a raibh meon an tsíorpháiste aige, aoibhneas as a bheith ag salú a lámh agus ag lapadaíl sa láíb. Mhúnlaigh sé an chré i gcruth deilbhíní fantaisíochta agus, gan aird ar fhreagracht, chuir sé séideog orthu d'fhonn beatha a chur iontu. Is mar seo a cruthaíodh na hainmhithe.

I dtreo is go mbeadh spás acu le rith timpeall, is é a dhein sé le séideog anála eile ná an bháisteach a shéideadh chun siúil, na riasca a thriomú agus talamh an phampa a chruachan. Chonaic sé a scáil i linn agus tháinig fonn spadhrúil air a íomha féin a athchruthú mar dheilbhíní le dhá chos fúthu agus iad gléasta ar a nós féin i bpainseó agus i chiripá. Ní macasamhla foirfe a bhí iontu ach scigmhacasamhla beagnach mar gurbh amhlaidh go raibh an-acmhainn grinn ag an Seanduine agus níor theastaigh uaidh ach ceap magaidh a dhéanamh de féin.

Dhein tarlúint gan choinne, áfach, tragóid den Chruthú. Is éard a tharla ná gur tháinig fonn ar an ria, a bhí ag baint suilt as a bheith ag rith thall agus abhus ar an bpampa tirim, dul in airde chuig na hArda Neimhe ar Bhealach na Bó Finne. Ó bhí Chachao sáite ina spraoi féin, thapaigh an ria an deis agus suas leis cúpla rith staighrí.

Ar thabhairt faoi deara do Chachao go raibh créatúr as cré i mbun na harda neamhúla a shalú, scaoil sé a boleadoras agus chaith sé i ndiaidh an ainmhí dhána iad. De sciuird, d'fhill an ria ar an bpampa arís agus d'fhág ina dhiaidh ag bun Bhealach na Bó Finne lorg a thrí mhéar agus a rúitín: Cros an Deiscirt. Ina theannta sin, fágadh boleadoras an tSeanduine ann chomh maith, Alpha agus Beta Centauri.

Agus é i mbun an ruaig a chur ar an ria, níor thug Chachao faoi deara go raibh a dheartháir Gualicho, ar dhroch-dhia é, tar éis teacht anuas ar an Talamh. Bhí sé de rún aige-sean cleas tromchúiseach a imirt ar Chachao. Séideog a chur ar na puipéid dhéchosacha - a bhí go díreach tar éis a múnlaithe - chun iad a bheochan ab é a bhí faoi Gualicho a dhéanamh. Nuair a bhí a chleas imeartha aige, bhuail uafás an bheirt dheartháir neamhúla nuair a chonaic siad iompar na nithe as cré, an chaoi a raibh siad ag bogadh thart, an ghaisceoireacht agus an chaint fhealsúnach astu amhail agus dá mba dhéithe iad féin.

Tháinig scéin i Chachao agus theith sé suas ar Bhealach na Bó Finne. Lena scian chloiche ghearr sé trí Chonair na Neimhe ó thaobh taobh i dtreo is nach bhféadfadh na harrachtaí - mar atá, na neacha daonna - teacht aníos. Ós rud gurbh é Gualicho a chuir an t-anam sna bábóga scanrúla neamhbhuana as cré, d'fhág Chachao ar an Talamh é mar phíonós. Níor fhill an dea-dhia go brách arís ar an bpampa; níorbh fhéidir leis an droch-dhia éalú uaidh.

Riamh ó shin, bíonn Gualicho ar a dhícheall a dhíth céille a dhíothú le galair, le cogaí agus le hocras. Fanann sé i bhfad ar siúl ó na neacha daonna, agus déanann sé sin mar cuireann sé uafás agus buaireamh coinsiasa air iad a fheiceáil. Agus is é sin an fáth go gcónaíonn sé i ndoimhneacha na sléibhte agus gurb é amháin sna hoícheanta dorcha a bhíonn sé de mhisneach aige teacht amach.



chiripá: bríste gearr leathan a chaitear faoin bpainseó.
boleadoras: gléas seilge déanta as téada a bhfuil meallta crua ceangailte dóibh a chaitear i ndiaidh na seilge.
ria: éan mór gan eitilt a dtugtar ñandú air i Meiriceá Theas agus atá cosúil leis an ostrais.