Tuesday, December 31, 2019

Is ealaín é tine mhalldóite a fhadú...



An bhfuil rud níos cuí nó níos tráthúla a bheith idir lámha ag an duine ar Oíche Chinn Bliana ná tairngreacht – ar na saolta seo, ach go hairithe?


Is amhlaidh go bhfuil an leabhar úd – d'fhéadfaí an aidiacht "iomráiteach" a chur leis sin idir an dá linn – le Proinsias Mac a' Bhaird á léamh agam faoi láthair agus an-sult á bhaint agam as. Bhain mé an-taitneamh cheana féin as an gcéad leabhar, Rún an Bhonnáin, a d'fhoilsigh Prionsias tamall de bhlianta ó shin.

Chun na fírinne a rá, táim ag iarraidh gan an t-úrscéal is déanaí seo a alpadh siar go ró-chíocrach – cé gur fiordheacair é diúltiú don chathú sin – ach fomhar shaothar an údair a bhaint go breá réidh. I bhfocal eile: tá sé de rún agam tine mhalldóite a dhéanamh de agus an tine mhalldóite sin a fhadú.

Tine mhalldóite a fhadú? Níor luaithe na focail sin scríofa agam ná gur rith sé liom go bhfuil débhríocht éigin a chiglíonn an intinn ag baint leis an bhfocal "fadú" sa chomhthéacs sin. Ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh an tsanasaíocht chéanna i gceist (i gcás fadú agus fadú) – cé gur saothar in aisce é dul i muinín an Uasail Mhic a' Ghille Bhàin sa chás seo.

Fós féin, is breá liom an débhríocht seo a shamhlaím le "fadú", mar nach tine mhalldóite an saol féin – ach go háraithe má tá aois áirithe slánaithe ag an duine – a ndéantar iarracht gan stad é a fhadú?

Agus cad faoin saol mór féin? Nach é an tine mhalldóite is mó atá le fadú againn? I bhfianaise a bhfuil ag tarlú i gcúrsaí aeráide le blianta beaga anuas áfach, is deacair é a shéanadh go bhfuil tús curtha leis an Rince Mór ar an mBolcán. Mar is eol dúinn, is é an leigheas is fearr ar an scéal dar leis an lucht pobalach ná na súile a dhúnadh go dlúth, col a ghlacadh leosan a thugann an fhadhb faoi deara agus leanúint ar aghaidh leis an rince chéanna faoi mar a bheifí ar mire.

Chun filleadh ar ais ar na téamaí "tairngreacht" agus "Oíche Chinn Bliana": an bhfuil rún na hAthbhliana agam i mbliana? Bhuel, níl mar táim éirithe as an nós sin ach déanfaidh mé, ina ionad sin, tairngreacht (nó dhó):
1.       Léifidh mé níos mó leabhar (faoi mar a dhéanainn tráth den saol)
2.       Freastalóidh mé ar níos mó ceolchoirmeacha (táim éirithe an-leisciúil le fada ina thaobh sin)

Agus an dtiocfaidh tuar faoina tairngreachtaí sin? Dá mbeinn chun geall a chur, roghnóinn an tairngreacht féin. Is é sin le rá, chomh fada is atá aon rud cinnte, agus dá fheabhas a fhadfaidh mé an tine mhalldóite siúd a thuasluaigh mé ar dtús, ní fada go mbeidh Tairngreacht léite agam.

Ar thaobh amháin, beidh tine mhalldóite amháin agam nach mbeidh infhadaithe a thuilleadh, ach ar an taobh eile, nach tús maith, leath na bliana?

Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise dhaoibh!