Sunday, August 8, 2010

na gallóglaigh...

Ar an ábhar, is dócha, go raibh an leabhar seo faoi ainghníomhartha arm na Breataine sa Chéinia le linn na 1950í (le linn ár ré féin, d'fhéadfá a rá, agus a thiarcais, nach raibh siad i bhfad ní ba mheasa agus ní ba líonmhaire ná a cheap mé riamh) le húdar darb ainm Caroline Elkins idir láimhe agam i siopa leabhar le déanaí,

agus go ncleachtar a leithéid fós, tharraing an teachtaireacht san alt seo maolbhreithiúnach, bréagshaonta san IT mo aird uirthi an tseachtain seo. D'fhógair an tUasal Myers rud den chineál céanna go buacach in alt eile ar tháinig mé ar sa BT: go bhfuil borradh tagtha faoi líon na nÉireannach óg atá ag liostáil mar amhais in arm na Breataine. Ní nach ionadh, tá an geilleagar i measc na gcúiseanna, de réir an ailt, agus an fáth nach bhfuil arm na hÉireann ag earcú faoi láthair. Ach sa chéad áit, is ar tóir saoil eachtraigh atá an mhórchuid, mar a mhaíonn siad féin. De réir dochúlachtaí, áfach, beidh drochscéal amach anseo i ndán do fhear nó bhean nó pháiste bocht éigin in áit éigin i gcéin, agus do níos mó ná ceann amháin dar ndóigh, mar thoradh ar an bhflosc chun eachtra céanna. Mar is eol, níl sé de ghnás an ghé sin den scéal a chíoradh.

Nuair a bhíodh ré na frithchogaiochta fós faoi bhláth sa Ghearmáin, le linn na n-ochtóidí mar shampla, ba ghnás do Ghearmánaigh óga a raibh an fonn céanna eachtra orthu dul isteach i Léigiún Coigríochach na Fraince. Bhí aithne agam ar dhuine nó beirt acu sa limistéir chathrach ina raibh mé ag cur fúm ag an am sin. Deirim "duine nó beirt" mar ba amhlaidh go ndeireadh an chéad fhear i dtólamh nár chreid sé scéal léigiúnach an fhir eile! Sórt stádais i measc dreamanna áirithe a bhí i gceist arbh fhiú agus ar chóir, dar leo, é a chosaint ar aon duine nach raibh sé tuillte aige. Dá mba in Éireann é d'fhéadfadh a shamhlú cad a bheadh mar aisfhreagra ar dhuine a gcuirfí bréagmhaíomh na ballraíochta sa Léigiún ina leith: "an Léigiún Mhuire, gan dabht!" Dúirt an chéad fhear gur éirigh sé as faoi dheireadh mar níorbh fhéidir leis an marú a fhulaingt a thuilleadh. Féadaim a rá, áfach, gur sheanchas, mar a samhlaíodh dom, a bhí i gcuid mhaith de na cúntais.

Bhí aithne agam freisin, áfach, ar Ostarach a d'inis dom dá liostáilfeadh duine ón Ostair in arm eachtrach agus dá dtroidfeadh sé i gcogadh mar amhas san arm sin nach bhféadfadh sé filleadh ar an Ostair feasta, ar eagla go ngearrfaí téarma fada priosúin air. Agus is é an dála céanna é ag an Éilvéis.

Is amhlaidh nach bhfuil na tíortha siúd sásta a saoránaigh a bheith i mbun gníomhartha foréigin a n-ordódh rialtas éigin eile dóibh iad a dhéanamhi - i cibé áit agus i gcoinne cibé daoine, dá mba olc maith an chúis. (Ó thaobh na cúise de: i gcás na n-amhas san alt thuasluaite, níl suim ar bith acu sa chúis; tá siad saonta-sásta go leor polaitíocht na hAfganastáine a fhágaint faoi dhaoine eile.) I bhfocal eile, is dual do na stáit siúd gan na gníomhartha foréigin a dhéanfadh amhais, ar a saoránaigh féin iad, a mheas mar codanna den fheidhmiú iondúil gan bhaint leis an dlí a tharlaíonn faoi choim na héide míleata agus a béasanna gairmiúla, ach mar choireanna tromchúiseacha.

Nach gcuirfeadh an dearcadh daingean siúd i gcuimhne nach eachtraí neamhúrchóideacha ar nós eachtraí gasóg a bhíonn i gceist nuair a théann fir óga i mbun na hamhasaíochta? Cuir i gcás, fiú, go bhfuil máthair ón Ostair ag amhas óg ó mBaile Átha Cliath a lámhachann fear nó bean nó páiste éigean san Iaráic, d'fhéadfadh gaolta an duine mharaithe an dlí a chur air san Ostair, nó chuirfeadh na húdaráis an dlí air dá mbeadh an t-eolas agus, dar ndóigh, an misneach acu, agus ghearrfaí téarma fada príosúin air dá mbéarfaí air sa tír sin.

Bhásaigh sean-uncail dom sa Chéad Chogadh Domhanda i gcuan Suvla an amhráin i Gallipoli, mar shampla, - an margadh idir Mac Réamoinn agus rialtas na Breataine ba chúis leis - agus, amhail a lán daoine in Éireann, bhí ni ba mhó ná duine amháin de mo ghaolta ann a chaith an éide chéanna. Is fíor, ar chúis éigin, go dtugann rialtas na hÉireann le tamall de bhlianta anuas aitheantas oifigiúil do na saighdúirí Éireannacha a throid ar son na Breataine. Ach má dhéantar, ní dhéantar a dhath de chuimhneamh ar na daoine a mharaigh - ba amhlaidh a bhí, gan dabht - roinnt de na saighdiúirí sin. Cén fáth nach ndéantar? Tá an liosta de na daoine a mharaigh an tIRA ó 1916 ar aghaidh de ghlanmheabhair, de réir dealraimh, ag an Uasal Myers, mar shampla, ach ní dóigh liom go bhfuil an liosta de na daoine a cuireadh chun báis nó a céasadh ag Éireannaigh a raibh éide na Breataine á caitheamh acu de ghlanmheabhair aige, ná ag aon duine eile nach é.

I ré na faisnéise is dóigh liom nach féidir ach go bhfuil a fhios ag na hamhais Éireannaigh sa tuairisc thuasluaite cad is féidir a bheith ag gabháil lena mbeidh i mbun acu amach anseo. Ar aon nós, ní dóigh liom go nglacfaí leis dá maídís a mhalairt.

Sunday, August 1, 2010

"hé, tapas!" nó "dásacht an chiarraígh agus giorra radhairc an spáinnigh"

Chuir blagmhír de chuid Áine eachtra bheag i gcuimhne dom a tharla sna h-ochtóidí nuair a bhí mé ag tabhairt camchuairt na Spáinne.




Fadó, fadó ag spaisteoireacht liom tráthnóna i Sevilla, casadh Ciarraíoch orm agus faoi mar is dual do Éirinnigh ligeamar ár n-aithne chugainn gan mhoill agus tar éis dúinn gloine beorach nó dhó a ól agus, gan dabht, tar éis scéil ár mbeatha a insint, d'fhágamar slán lena chéile agus thugamar gach duine againn aghaidh ar a bhóthar féin.

Ar mhaidin an tSathairn dár gcionn tharla mé ag siúl trasna la Plaza Mayor i gceartlár Madrid - a bhí roinnt plódaithe le daoine ag an am - nuair... cé chasfaí orm ach Cíarraíoch úd na Sevilla.

"An raibh a fhios agat go bhfuil clú agus cáil ar shiamsaíocht oíche na cathrach seo," ar seisean, "agus is í oíche Shathairn príomh-oíche na seachtaine ó thaobh na siamsaíocht de."

Ag a hocht a chlog bhuaileamar le chéile taobh amuigh den Phrado - an t-aon áit a raibh aithne ag ceachtar againn uirthi - agus ar aghaidh linn isteach i siamsaíocht oíche cháiliúil chathair Madrid.

Bhí scéal na dtapas inste agam cheana féin don Chiarraíoch sa tábhairne i Sevilla agus inste agam freisin gur bhreá liom an gnás úd sólaistí beaga a bheith sínithe chugat ón taobh eile den chúntar ag an tábhairneoir ó uair go chéile i gcaitheamh na h-oíche - gan choinne a bheith leis.

Níorbh fhada sinn inár suí ag an gcúntar sa chéad tábhairne gur tharraing an Ciarraíoch ceist na dtapas anuas. Bheadh fonn tapas air go díreach ag an meandar sin, dar leis.

Nuair a d'fhéach sé thart agus d'fhiafraigh cá raibh an tábhairneoir ba chóir go mba leor sin mar nod dom go raibh gné an-thábhachtach ar fad in easnamh ar an gcur síos a bhí tugtha agam dó faoi ghnás deas na dtapas.

D'fhill an tábhairneoir ar ball agus thapaigh mo dhuine ar an toirt an deis a raibh sé ag faire léí, de ré dealraimh. Sháigh sé a chloigeann isteach thar an gcúntar agus ghlaoigh...

(Brúfaidh mé ar an gcnaipe sosa ag an bpointe seo agus rachaidh mé ar ais chuig mo mhíniúchán:


tapas = sólaistí beaga a shíneann an tábhairneoir chugat ón taobh eile den chúntar ó uair go chéile i gcaitheamh na h-oíche - gan choinne.


Ba í an chuid den sainmhíniú nach raibh sonraithe go mion agam de bharr í a bheith tuigthe as féin, dar liom, ná:


...AGUS GAN IAD A ÉILEAMH ! ! ! ! ! )

..."Hé, tapas! Tapas anseo!" a ghlaoigh an Ciarraíoch, "Píseanna talún, má tá siad agat."

Ní gá a rá nach bhfuair sé faic seachas amharc géar.

Thug mé an chuid a bhí in easnamh ar an míniúchán dó ní ba dhéanaí san oíche nuair a bhí, faoi dheireadh, an náire curtha díom.

Faoin am sin bhíomar i dtábhairne eile i gcuideachta bhan agus ag ól agua de Valencia leo.

Is amhlaidh go raibh an oíche imithe i bhfeabhas idir an dá linn. Agus dar ndóigh, is mithid dom rud tábhachtach a admháil ag an bpointe seo: cé go raibh caolchúis an tsaoil caillte go h-iomlán ar mo dhuine níor mhíbhuntáiste amach is amach é an oíche siúd an Ciarraíoch seo, nach raibh a dhath de dhásacht neamhbhalbh cháiliúil a cheantair dhúchasaigh de dhíth air, a bheith mar chomhghuaillí agam.

Sea, bhí buntáistí dearfacha i gceist fiú.

Mar shampla, ní raibh drogall ar bith air forrán a chur ar na mná.

Ar aon nós, bhíomar inár suí i gcúinne na tábhairne ina rabhamar leis na mná agus an agua de Valencia nuair a d'éirigh ceann de na mná agus chuaigh i dtreo an bheáir.

"Cad atá ar bun aici?" a d'fhiafraigh an Ciarraíoch díom.

"Ar tóir tapas duitse, gan amhras," a d'fhreagair mé. Faoin am sin bhí mé go maith in ann - salud! - blas a fháil ar an ngné ghreannmhar den scéal.

Ar ball d'fhill an bhean ar ais chugainn ón mbeár.

"An bhfeiceann sibh an bhean sin ina seasamh leis an slua thall ag an mbeár?" a d'fhiafraigh sí. "Is cara dom í agus tá sí go díreach tar éis de mo fhiafraí an raibh aithne agam ar an bhfear dóighiúil anseo sa chúinne."

D'fhéach an Ciarraíoch i dtreo an bheáir. Ar an gcaoi ar dhírigh sé é féin sa suíochán agus ar schac sé a smig amach go bródúil ba léir go raibh sé sásta lena raibh le feiscint ann. Ansin d'iompaigh sé i dtreo na mná inár dteannta, miongháire an tsásaimh leata ar a aghaidh.

"Agus ar mhiste leat í a chur in aithne dom?" arsa an Ciarraíoch léí.

"Aiféala an domhain orm," a d'fhreagair sí, "ach ní tusa a bhí i gceist aici."


**************************************************************************************


Ba amháin le caoinchead na cinniúna, arbh an údar í, ar cheadmhach dom an scéal seo a athinsint.

Saturday, July 3, 2010

Blitz-bhasctha...




Cé a cheap i ndáiríre go mbascfaí an fhoireann Airgintíneach sa chaoi ar tharla sé sa chluiche ceathrú ceannais inniu?

Faoi mar a dhein siad sna cluichí i gcoinne na hAstráile agus Sasana, "bhronn" na Gearmánaigh ceithre chinn de bhuillí tintrí ar an Airgintín. Bhí na baill laga sa chosaint ag an Airgintín aitheanta ag gach duine eile ar domhan roimh ré ach níor leigheas Maradona an scéal. D'éirigh leis na Gearmánaigh teacht i dtír go luath ar an ngaraíocht chéanna agus ó shin ar aghaidh bhí bonn daingean acu leis an modh imeartha acu a chur i bhfeidhm.

Ba dheacair a mhaíomh anois nach rogha na coitianta iad agus leathlámh acu ar Chorn an Domhain cheana féin. Mar sin ba ar mhaithe leis na foirne a bheadh de dhásacht acu iarracht a dhéanamh cosc a chur ar an leathlámh eile a chrochas an comhartha rabhadh thuas.

An bhfuil sé á thuar agam mar sin go mbéarfaidh na Gearmánaigh an chraobh leo?

Bhuel, de réir thuairim na coitianta, mar a shamhlaítear dom í, níl foreann a ndiongbhála fágtha sa chomórtas seachas an Spáinn - agus ní raibh siadsan ar aiste mhaith in aon chluiche go dtí seo.

Ach cad faoina hOllannaigh?

Cuimhnítear air gur "sciob" - de réir thuairim na coitianta - an Ghearmáin Corn an Domhain sa bhliain 1954 ón Ungair agus sa bhliain 1974 ón Isiltír faoi seach cé go raibh ceachtar de na foirne úd ar an bhfoireann a d'imir an sacar is fearr agus is pléisiúrtha i rith an ilchomórtais.

Ba dheacair gan a admháil ach go bhfuil an sacar is gleoite agus is éifeachtaí amuigh imeartha ag na Gearmánaigh an babhta seo; obair na gcapall don chuid is mó a bhí idir chosa ag na hOllannaigh.

D'ainneoin sin uilig tá tuaileas agam go gcuirfidh na hOllannaigh an scéal bunoscionn ar an nGearmáin sa chaoi chéanna ar cuireadh an scéal droim ar ais orthusan sa bhliain 1974.

Chuige sin, áfach, caithfidh siad an chéad chúl sa chluiche a aimsiú.