Saturday, January 23, 2010

dordveidhil agus Kodály

Dordveidhil an uirlis thuas. Bheadh grianghraf de dhordveidhil eile ann in ionad an chinn seo ach níor shamhlaigh mé - nó níor mhaith liom é a shamhlú - go mbeadh deis agam grianghraf a dhéanamh den dordveidhil eile de bharr beainín óg a bheith ag síorchleachtadh go díograiseach ar an gceann sin.


Is iondúil an gnás abhus agus duine óg ag gabháil don cheol i Scoil Cheoil nach leor feasta tar éis tréimhse de dhá bhliain nó mar sin an uirlis cheoil a chuireann an Scoil Cheoil ar fáil. Níl aon dul as ansin ach infheistíocht a dhéanamh agus an uirlis cheoil is gá a cheannach. Seans go gcuirfeadh an praghas dord le feadh tamaillín i gcloigeann an duine a bheidh ag íoc as!

Ar aon nós, seo píosa a thaitníonn go mór liom. Tráthnóna ciúin, grianmhar, taibriúil san earrach nó san fhómhar a chuireann an píosa céanna i gcuimhne dom.

Sonáidín do dhordveidhil agus pianó le Zoltán Kodály:
http://www.youtube.com/watch?v=7Ndc-70ewEs

Maidir le fuaimniú an ainm Kodály: déanann dordveidhil agus Kodály rím le chéile, nó geall leis.

4 comments:

  1. Ceiltíoch mór le rá ag UCLA darb ainm Joseph Nagy. Bhí a fhios agam dá bhrí sin go bhfuaimnítear Nagy mar "nage" na Fraincise. Ach ní raibh fuaimniú ceart Kodály agam! GRMA.

    ReplyDelete
  2. Agus rud eile: cuireann na hUngáraigh an sloinne roimh an ainm baiste.

    Bhí Nagy cáiliúil eile ann tráth, Imre Nagy. Crochadh é, faraor, sa bhliain 1958 de bharr é a bheith ina cheannaire san éirí amach sa bhliain 1956.

    Ar thaitnigh an píosa ceoil leat?

    ReplyDelete
  3. Tá ceol mar seo beagán ró-dhrámatúil domsa. De gustibus...

    ReplyDelete
  4. Thaitin sé liomsa. (Agus shíl mé i gcónaí gur Gael é K. O'Daly ... seanjóc!)

    ReplyDelete