Sunday, February 21, 2010

"loingín fíodóra"

Bhuail an smaoineamh mé agus ceann de na Nótaí Imill is déanaí á léamh agam gur bheag an cur amach a bhí agam ar shanasaíocht an fhocail "tointeáil" agus a leithéidí.

folús feasa iomlán a bhí i gceist ach ní raibh a fhios agam gur as seancheird na fíodóireachta a thagann na téarmaí "tointeáil" agus "shuttle".

"Weberschiffchen" (loingín fíodóra) a chuirtear ar an ngléas thuas sa Ghearmáinis a théann, nó a théadh, anonn agus anall ag fí an tsnáithe (nó an tointe) - a chuirtear inneach air (agus é tochrasta thart ar spól i lár an ghléis) - trína snáitheanna a chuirtear dlúth ar cheann amháin acu.

Feictear dom gurb í an ghluaiseacht "anonn agus anall" an ghné is tábhachtaí den mhíniúchán sa lá inniu agus seirbhís tointeála bus faoi thrácht, mar shampla.

Ach fiú amháin má tá an tsanasaíocht de dhlúth agus d'inneach ionat ní fiú duit "Weberschiffchenbus" a lorg san aerfort i bhFrankfurt. "Shuttlebus" a bheadh de dhíth ort sa chás sin, nó "Pendelbus". Sa dara téarma is é an luascadán (= Pendel) a sholathraíonn an chiall a bhaineann leis an ngluaiseacht "anonn agus anall".

7 comments:

  1. haigh,
    taitníonn do blogs liom alán. Cad is tochrasta le do thoil?
    Niamh

    ReplyDelete
  2. haigh niamh,


    tochras = wind
    tochrasta thart ar spól = wound around a spool

    ReplyDelete
  3. Suimiúil, a Ormondo, mar aon le halt Dennis ar an 'wiki'.

    ReplyDelete
  4. Is iontach an rud é nach bhfuil aon fhocal againn ar an rud seo ach “spól”, go bhfios dom, cé go raibh fíodóireacht ar siúl in Éirinn leis na cianta. Iascht ón mBéarla is ea “spól” (spool).

    ReplyDelete
  5. Seo é an spól traidisiúnta ag tointeáil leis sa bhfíseán seo:
    http://www.youtube.com/watch?v=SYqyOFzNR7o

    ReplyDelete
  6. Chuir sé iontas orm freisin agus mé ar thóir téarma a bheadh ní ba Ghaelaí ná "spól". Seans go raibh focal ársa acu ach gur ghlac na Gaeil an focal nua leo féin de bharr é a bheith gonta, b'fhéidir?

    Agus físeán spéisiúil, GRMA.

    ReplyDelete
  7. Is féidir gur tháinig an focal “spól” isteach le hathrú teicneolaíochta, .i. an saghas seoil a bhí in úsáid.

    ReplyDelete