Saturday, May 1, 2010

Agus Bayern München ina "Mháistir" arís... méanfach...

An seanscéal arís agus arís eile...


Is beag an meas atá ag cara dom ón Albain ar shraithchomórtas sacair na tíre siúd. Ró-leadránach, dar leis, le Celtic agus Rangers ag déanamh uainíochta ar a chéile ar bharr na sraithe ó aimsir na díleann nach mór. Bhain Aberdeen an chraobh amach sa séasúr 1984/85, an fhoireann deireannach a dhein an t-éacht lasmuigh den dís as Glaschú.



Níl sé chomh monatonach céanna sa Ghearmáin cé go mbíonn an leimhe ag gabháil don sacar abhus minic go leor. Ní dhá fhoireann a bhíonn ag déanamh na síor-uainíochta, ach foireann mhór na Baváire, Bayern München, ar thaobh amháin agus dornán foirne ar an taobh eile. Le blianta fada anuas anois, tá sé de ghnás ag na "Bayern" corradh le 50% na gcraobh a bhaint amach - cúig chinn déag ó 1981 ar aghaidh.



Agus ag deireadh an tséasúir seo, is cinnte go mbeidh Bayern München - m é a n f a c h - ar bharr na sraithe arís agus ina Dheutscher Meister na bliana seo.



Ní nach ionadh nach bhfuil an pobal i gcoitinne, taobh amuigh dá lucht leanúna féin, ró-cheanúil orthu. Is geall le polasaí ag Bayern München sárimreoirí na bhfoirne eile a cheannach ag deireadh an tséasúir agus is cathú nach féidir cur ina choinne do fhormhór na n-imreoirí a fhaigheann tairiscint óna "Bayern" - ní amháin ó thaobh an airgid de ach ar an ábhar freisin gur féidir leis an imreoir bheith geall le cinnte de go méadófar ar líon a mbonn buaiteora le linn dó a bheith sa chumann sin. "Sárimreoirí Sacair na Bliana" á gceannach ag cumann amháin ar bhonn bliantúil beagnach, agus ní thiocfaidh aon athrú ar an scéal amach anseo mar is é an t-airgead deachtóir an spóirt sa lá inniu.



Laistigh den chóras mar atá sé, tá rath na mBayern lán-tuillte acu agus, dar ndóigh, beidh na Gearmánaigh uilig taobh thiar díobh i Madrid níos déanaí sa mhí seo. Ag an am céanna tá intuarthacht an tsacair go millteanach faoi láthair: an bhfuil aon leigheas ar an leadrán?



córas roghnaithe, nó earcaithe, faoi leith i bhfeidhm sa pheil Mheiriceánach chun an toise iomaíoch den chomórtas a choimeád úr agus beo agus chun méadú ar líon agus éagsúlacht na bhfoirne a mbeadh ar a gcumas acu a bheith san iomaíocht ag deireadh an lae.



An mbeadh a leithéid de chóras insamhailte ar an taobh seo den Atlantach?

3 comments:

  1. Bhí suim agam sa bhlagmhír seo ar dtús toisc nár léigh mé an teideal i gceart. Séard a chonaic mé ná “... München ina Mhainistir arís...” Is ionann na focail seo ó thaobh na céille de, ar ndóigh, mar sin shíl mé go mbeadh scéal aisteach taobh thiar den teideal. Nach ormsa a bhí an díomá nuair a thuig mé nach ag imirt le focail a bhí tú.
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Táim buartha faoin díoma a fhulaing tú. ;-)

    Dála an scéil, tá "Irish Trees: Myths, Legends & Folklore: Myth, Legend and Folklore" le Niall Mac Coitir ordaithe agam. Mhúscail an scéal leis an mbile mo spéis san ábhar. Tuilleadh ar ball...

    ReplyDelete
  3. @ 'An mbeadh a leithéid de chóras insamhailte ar an taobh seo den Atlantach'

    Níl a fhios agam, a Ormondo - tá guth cinn ar airgead abhus, shílfeá!

    ReplyDelete