Monday, May 24, 2010

an ghráinneog ghreamaithe...


Bhí an mhír thuas sa nuachtán an lá cheana.

"... Thart ar a dó a chlog (ar maidin) d'fhionn foireann i gcarr patróil neach aisteach i solas na gceannsoilse, a bhí ag dul thart timpeall ar an tsráid gan sprioc ná treoshuíomh. Bhí an leath deiridh i gcruth gráinneoige agus an chuid tosaigh cosúil le cupán iógairt.

De réir dealraimh, bhí iarracht déanta ag an ndiúlach colgach an fuíoll deireanach de tháirge bainne a lí anuas ó bhun cupáin iógairt a bhí curtha de láimh ag duine éigin. ...d'fhan sé greamaithe sa chupán. Thóg na póilíní an clogad míbhuntáisteach uaithi, agus d'imigh sí ó radharc i ndorchadas na h-oíche - a soc smeartha le iógart, cinnte, ach le radharc soiléir."

Is nath cainte sa Ghearmáinis an ceannteideal: "Zu tief in den Becher geschaut".

"Breathnaithe go ró-dhomhain sa chupán" an bhrí liteartha leis ach a chiallaíonn sa ghnáthchaint: "(bhí sí) ag ól go trom".

Mar sin, an ghráinneog mhí-ámharach le míchlú an phótaire!

Ach, is dócha, agus an scéal amhlaidh, go raibh an cathú dochloíte.

Cathú an iriseora, tá's agaibh.

5 comments:

  1. Is léir go bhfuil sé níos éasca ceann grainneoga a bhaint as cupán iógairt ná ceann béir a bhaint as canna bainne deich ngalún, rud a tharla le déanaí i Vermont.

    ReplyDelete
  2. Ceann deas. Agus an t-ádh leis an mBodach deilgneach.

    ReplyDelete
  3. Comhtharlú lom gur tharla an dá eachtra timpeall an ama céann?

    Ní hea - airím comhcheilg!

    An amhlaidh nach bhfuil iontu ach cumadóireacht an phreasa: finscéal tuaithe. Tar éis an tsaoil, tá an finscéal uirbeach ann cheana féin.

    Dála an scéil, de bharr an Eoraip a bheith thíos leis na fiacha, níl scála an scéil abhus ró-mhórthaibhseach. ;-)

    ReplyDelete