Sunday, May 9, 2010

an ipad agus aiséirí an tsraithscéil...

Thug Alex Hijmans forbhreathnú ar staid reatha na e-litríochta, idir litríocht i gcoitinne agus litríocht na Gaelainne, i gComhar na míosa seo caite.

D’fhoilsíodh an chéad leabhar gaelach i bhfoirm e-leabhair an bhliain seo agus tá tuilleadh díobh ar na bacáin.

Cuireann deacrachtaí i dtaca le cóipcheart, íoslódáil mhídhleathach srl. drogall ar go leor údar cead a thabhairt d’fhoilsitheoirí leagain e-leabhar dá leabhar a fhoilsiú.

Easpa gléis agus formáide caighdeánaithe is ea constaic eile.

Sa mhullach ar sin, tá na gléasanna atá ar an margadh faoi láthair ró-dhaor. Dá sciobfaí leabhar uait, cuir i gcás, i mbialann nó ar an traein, chaillfeá €12 ar an meán, ach dá sciobfaí do ipad ar luach €600,-, b’shin tubaiste d’ord méadaíochta eile!

Agus caithfear smaoineamh ar na daoine – mise ina measc – ar foinse shuilt dóibh a bheith ag bailiú leabhar. Ní dóigh liom go mbainfinn an oiread céanna taitnimh as a bheith ag breathnú ar mo bhailiúchán e-leabhar sa taiscéalaí agus a bhainim as an mbailiúchán seanaimseartha sa leabhragán.

Ach, mar sin féin, tá gnéithe buntáisteacha ann do litríocht na Gaelainne, ach iad a chur i bhfeidhm i gceart.

Ní imíonn e-leabhar as cló agus is féidir foilsiúchán, fiú amháin as réimse na mionteangacha, a dháileadh gan a bheith thíos leis an gcostas díréireach a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin faoi láthair.

Feicim dhá chineál litríochta nó foilsiúcháin go h-áirithe arbh fhéidir borradh a theacht fúthu i ré na e-litríochta:

- tréimhseacháin nach bhfuil teacht orthu ar an idirlíon (ach amháin tar éis moille suntasaí)

- an sraithscéal.

An sraithscéal? Sea, an sraithscéal. Aiséirí an tsraithscéil: samhlaigí conas mar a bheadh sé:


údar den scoth,

scéal den scoth,

ní nochtar an scéal ina iomláine,

ach giotaí gairide de,

na léitheoirí ar bís,

ag tnúth leis an gcéad eipeasóid eile,

den sraithscéal,

den e-sraithscéal!

i nGaelainn!!

seolfar an chéad eipeasóid eile...

cinnte, cinnte,

ach cathain?

ar maidin?

ar an lá dár gcionn?

cá bhfios?

agus na léitheoirí,

ar bís,

sa DART,

sa Mhetro,

sa Subway,

san S-Bahn,

sa Sinceansan thall sa tSeapáin,

i dtranglam tráchta idir an Spidéal agus Carna,

is cuma,

na h-iPads uilig réidh,

ar luach € 600 gach ceann!

ba mhór an chailliúint dá sciobfaí é,

ach ba chuma sin,

mar táid ar bís,

ar bís go deo,

ag feitheamh,

leis an gcéad eipeasóid eile,

go dtaga sí!

láithreach bonn,

gan mhoill,

gan íoslódáil mhídhleathach…

ach cathain a fhoilseofar í?

ní fios fiú don údar,

ní fios fiú don fhoilsitheoir,

tá gineadóir randamach,

thiar ag lucht CIC,

buaic ar an teannas!

agus an eipeasóid nua,

ar foluain sa chibearspás,

go dtí...

go dtí...

ansin nochtann sí,

de phreab randamach,

as an gcibearspás,

isteach sna h-iPads,

(tá íoctha go dleathach trí Phaypal)

an chéad abairt léite,

an dara abairt léite,

agus ansin...

ansin...

cloistear iad,

sa DART,

sa Mhetro,

sa Subway,

san S-Bahn,

sa Sinceansan,

sa tranglam tráchta idir an Spidéal agus Carna,

sea, cloistear iad,

na h-osnaí,

osnaí faoisimh,

osnaí áthais,

osnaí lúcháire,

áááááááááá!!!

faoi dheireáááááááááádh!!!

tá sí ann...

ann...

...


ach...


níl deireadh fós leis an scéal!

4 comments:

  1. An smaoineamh.

    Cad atá de dhíth chun é chuir i gcrích? An leor PDF? Más leor, tig le duine ar bith leabhar a chuir ar fáil ar an mhodh seo.

    (Tá cuid mhaith d'ábhar as cló Cois Life curtha ar fáil acu mar PDF - ábhar foghlama don gcuid is mó. Ach níl siad curtha in oiriúint don scáileáin)

    ReplyDelete
  2. Séard atá uaimse ná bunachar sonraí iomlán -- agus inchuardaithe, ar ndóigh -- de na hirisleabhair léannta a mbaineann Ceiltiseoirí úsáid astu: Zeitschrift für Celtische Philologie, Études celtiques, Ériu, Éigse, Studia Hibernica, etc. etc.

    ReplyDelete
  3. A chairde, is léir go bhfuil rudaí ionchasacha sa teicneolaíocht nua nach bhfuil feidhm iomlán bainte astu fós!

    ReplyDelete
  4. Tabhair dom leabhar i mo lámh, seachas iPod, lá ar bith...

    ReplyDelete