Sunday, August 22, 2010

dhá lá ar neamh agus trí chinn de shlisíní friochta i mbaguette... (II)

12.07.2010...

...Ar dtús spaisteoireacht bheag i mBun Abhann Dalla. Lá breá gréine. Tá both gutháin taobh leis an túr. Níor chuala mo bhean chéile an logainm "Bun Abha Dalla" riamh. "San fhoirceann eile den tír atá tú!"


Ar aghaidh liom go Bun Abhainn Duinne.


Gabhar agus dealbh de ghabhar mar leacht cuimhneacháin don ainmhí deireannach a dealaíodh sa bhriseadh amach de ghalar crúibe is béil sa bhliain 2001. Ní gá a rá gur ghabhar é.

Maol Chinn Tíre le feiscint sa chúlra. Is é Bun Abhainn Duinne an cuan is gaire d'Albain ar an taobh eile de Shruth na Maoile.


Agus an t-amharc isteach ar Ghleann Duinne.

Tá cibé póit a bhí orm ón oíche roimhe leáite in áilleacht na háite.

Ar an tslí go Ceann an Toirr thiomáineann fear ón India agus mé féin cúpla uair thart ar a chéile, cúpla focal á mhalairt againn gach uair. Mo dhála féin, bhí an radharc ón mbóthar cósta ag cur lúcháire air agus caithimid gach duine againn stopadh ó am go chéile chun an áilleacht a shú isteach.

Agus cén fáth nach mbeinn ag sú na háilleachta? Nach raibh mé i nGleannta Aontrama ar lá gréine? An dara lá ar neamh.

Is é Ceann an Toirr an pointe is cóngaraí d'Albain.


Tá túr ann in aice don charrchlós. Ar bharr an túir bhí ceathrar againn bailithe faoi dheireadh. An fear ón India agus lánúin ó Bhóthar na bhFál i mo theannta.

Mhínigh an Béal Feirsteach agus mé féin an logainm Maol Ceann Tíre don fhear ón India.

"Ní dócha ach go gcuireann sé ionadh ar na daoine thall ar an oileán siúd go bhfuil radharc chomh soiléir acu anall ar an mórthír."

Níor tháinig liom gan an abairt sin a rá i dteannta an fhir ón India mar bhí mé cinnte de go raibh an leagan droim ar ais sa treoirleabhar taistil aige. Seans go scaipfeadh sé an leagan ahem... ceart ar fud na fo-ilchríche.

An Bhinn Mhór agus an t-oileán darb ainm Reachrainn mar a nochtar chugat iad ar Cheann an Toirr.

Seoid i bhfolach i gcúlchríoch Na Binne Móire.

Ó láthair amhairc siar ó Bhaile an Chaisleáin tá Reachrainn agus An Bhinn Mhór go díreach os do chomhair amach, agus cósta na hAlban freisin, fiú amháin suas go dtí sliabhraon a raibh a bheanna arda le feiscint i bhfad i gcéin. Am Monadh, b'fhéidir?


I Muileann na Buaise thiomáinim go mall trína sluaite den Ord Oráisteach a raibh máirseáil acu sa bhaile an lá céanna.

Agus arís i bPort Rois, sluaite móra den Ord Oráisteach, ní ba mhó ná i mBushmills. Thiomáinim go mall arís trína sráide. Bhí ar intinn agam dul síos chuig an phromenáid. Thart ar thimpeallán amháin ar dtús, agus ansin tá timpeallán eile romham.

Ach ón timpeallán sin feicim go bhfuil scliúchas ar siúl idir na póilíní agus ógánaigh éigin. Tá aird na sluaite thart timpeall tarraingthe ar an eachtra, agus ritheann cuid acu go fonnmhar i dtreo láthair an scliúchais.

Le huimhirchlár ó BhÁC b'fhearr gan dul thar fóir agus an t-ádh a shárú. Agus b'fhearr gan bacadh leis an bpromanáid a thuilleadh.

Feicim comhartha bóthair le Doire air. (Bhuel, ní "Doire" go díreach a bhí air...)

Ar aon nós, as go brách liom!

Saturday, August 21, 2010

dhá lá ar neamh agus trí chinn de shlisíní friochta i mbaguette... (I)

Ag teacht amach as an gcarrchlós ilstórtha dom i mBÁC, ba bheag nár dhírigh an carr a bhí ar cíos agam a shrón go huathoibreach i dtreo an M7. Ba bheag nár ligeas cead a chinn dó mar faoin am seo bhí tuirse orm tar éis an mhochéirí ar maidin.

Agus thairis sin bhí lear leabhar ar an suíochán cúil - príomhchúis mo sciuirde ar lár na cathrach - agus fonn orm dul i mbun iad a léamh.

Ach faoi dheireadh dhein mé mar a bhí beartaithe agam roimh ré agus thug mé aghaidh ar an Tuaisceart.

Ba amhlaidh go raibh ar intinn agam cúpla lá a chaitheamh i gceantair nach raibh mé iontu go ró-mhinic le linn mo shaoil. Agus ar an ábhar gur tharla go raibh mé i mo aonar an babhta seo bhí buntáiste na saoirse agam san áireamh.


10.07.2010...

...Táim ag baint fúm in óstán Ibis ar imeall lár na cathrach i mBéal Féirste. Ceann de na foirgní nua nach raibh ann thart ar fiche bliain ó shin, an uair deireannach a bhí mé sa chathair seo.

Ba bheag nach bhfuil claochlú iomlán tagtha ar an atmaisféar idir an dá linn.

Sa limistéar coisí dom téim isteach in ionad siopadóireachta a d'osclaíodh dhá bhliain ó shin. Téann sé i bhfeidhm go fabhrach orm. An ceann is fearr dá bhfaca me riamh? Nó geall leis? B'fhéidir é. Ach beagáinín ró-ghaofar sa gheimhreadh, mar a mhínionn bean óg ón bPolainn dom, freastalaí na bialainne ar ith mé mo bhricfeasta inti.

Agus dála an bhricfeasta féin. Ó tharla nach raibh an bhialainn ach go díreach tar éis a doirse a oscailt, ní raibh dá raibh ar an mbiachlár ach rud amháin ar fáil: trí chinn de shlisíní bagúin friochta (le citseaip, má bhuaileann an tallan thú) i mbaguette. Más buan mo ghoile... mo leithscéal, mo chuimhne.

Tromluí ifreannach don fheoilshéantóir an méid sin, gan dabht - agus ní amháin don fheoilshéantóir. Níorbh fhada go raibh an t-aigéad gastrach ag brúchtadh aníos.


Ach ní raibh aon chaill ar na cappuccini.

Ó chruinneachán gloine an ionaid tá radharc breá ar an gcathair.


Tógadh ar ghrinneall na Féirste tráth den saol an clog seo. Ach níorbh fhada go raibh sé ag déanamh aithrise ar an túr i bPisa.

Thiomáin mé thart ar Ardeaglais Naomh Áine. Eaglais iontach Rómhánúil. Nuair a tógadh í d'úsáideadh clocha ó gach contae in Éirinn. Músclaíonn an siombalachas smaoineamh fuascailteach ionam.


Ní as aon chloch amháin an tÉireannach.

Bhí mé in áiteanna nach raibh mé riamh iontu...


agus anseo...


agus anseo...


agus san áit seo:


11.07.2010...

... fós in Ibis. Bricfeasta san ostán inniu. Gnáthbhricfeasta an babhta seo, mar a déarfá.

Déanaim cuairt ghairid ar an gCultúrlann i mBóthar na bhFál. Is deas an áit í. Imeachtaí do pháistí ar siúl ar an urlár uachtair. Rogha mór leabhar acu. Gaelscéal ar fáil, ní nach ionadh - bhí Gaelscéal ceannaithe agam cheana féin i lár na cathrach.

Scamaill bhána sa spéir. Lá breá gréine atá ann.

Thiomáinim amach trína bruachbailte ó thuaidh agus ar aghaidh liom suas an cósta.

Tá an dún ina sheasamh go fóill.

I mbun a n-ullmhúcháin i Latharna don oíche roimhe...

Cá bhfuilim anois? I Maighean Rátha, i Rathluirc?

I nGleann Arma atáim.

Cúpla ciliméadar dár gcionn i gCarnlach agus níl a thuilleadh den chineál le feiscint. Seachas Bratach na dTrí Dath, b'fhéidir, ina haonair ar faiteadh sa ghaoth ar bharr cuaille.

Dhein mé stop i mBun Abhann Dalla. Comhartha le cón uachtair reoite (coipthe) air feicthe agam agus bhí fonn cóin uachtair reoite (coipthe) orm dá bharr. (Níl siad ar fáil sa Ghearmáin.)



Phairceáil mé an carr agus bhí mé ag dul síos an tsráid nuair a chuaigh mé thart ar doras oscailte tí tábhairne. Agus chuala mé fuaimeanna aithnidiúla ag teacht amach uaidh. Cluiche ceannais chraobh na Mumhan san iománaíocht a bhí ar siúl ar an teilifís. Na leaids istigh chomh heolach leis na Mumhnaigh féin ar an gcluiche is fearr dá bhfuil. Nach raibh a fhios agam cheana féin gurb amhlaidh atá?

D'ól mé pionta leanna duibh. Bhain sé sásamh as. Bhain mé tátal as freisin; d'fhág mé an carr mar a bhí agus chuaigh mé chuig an t-óstán agus chuir seomra in áirithe le haghaidh na hoíche.

Níor leasc liom fanacht san áit seo. Mar nach raibh sé aitheanta agam i ngan fhios dom féin píosa beag lastuaidh de Latharna? Go fo-thairseachúil, mar a déarfá? An chéad lá ar neamh.

Ar ais arís go dtí an teach tábhairne liom. Ní ba dhéanaí casadh lánúin Spáinneach orm. Bhí cluiche ceannais de chorn an domhain ar siúl an tráthnóna céanna. D'fhiafraigh an bhean díom cá raibh na camáin le cheannach mar ba mhaith léí ceann a chrochadh ar an mballa san árasán i Madrid. Roimh dheireadh na hoíche bhí camán bronnaithe uirthi ag fear cairdiúil ón áit - agus bhí corn an domhain acu freisin. Sár-oíche gan dabht.

Thart ar mheán oíche bhíos ar ais sa seomra óstáin ag itheadh mo héisc agus sceallóg. Agus ag iarraidh an phóit a bheadh agam ar an lá dár gcionn a thomhas.

Ach ansin thosaigh mé ag fealsúnacht liom nach mbeinn ar an gcéad duine de shliocht an Niallaigh ar tháinig buaireamh cloiginn air sa taobh sin tíre. Chuir sin ar mo shuaimhneas mé agus chruinnigh mé mo mhisneach arís.

Sunday, August 8, 2010

na gallóglaigh...

Ar an ábhar, is dócha, go raibh an leabhar seo faoi ainghníomhartha arm na Breataine sa Chéinia le linn na 1950í (le linn ár ré féin, d'fhéadfá a rá, agus a thiarcais, nach raibh siad i bhfad ní ba mheasa agus ní ba líonmhaire ná a cheap mé riamh) le húdar darb ainm Caroline Elkins idir láimhe agam i siopa leabhar le déanaí,

agus go ncleachtar a leithéid fós, tharraing an teachtaireacht san alt seo maolbhreithiúnach, bréagshaonta san IT mo aird uirthi an tseachtain seo. D'fhógair an tUasal Myers rud den chineál céanna go buacach in alt eile ar tháinig mé ar sa BT: go bhfuil borradh tagtha faoi líon na nÉireannach óg atá ag liostáil mar amhais in arm na Breataine. Ní nach ionadh, tá an geilleagar i measc na gcúiseanna, de réir an ailt, agus an fáth nach bhfuil arm na hÉireann ag earcú faoi láthair. Ach sa chéad áit, is ar tóir saoil eachtraigh atá an mhórchuid, mar a mhaíonn siad féin. De réir dochúlachtaí, áfach, beidh drochscéal amach anseo i ndán do fhear nó bhean nó pháiste bocht éigin in áit éigin i gcéin, agus do níos mó ná ceann amháin dar ndóigh, mar thoradh ar an bhflosc chun eachtra céanna. Mar is eol, níl sé de ghnás an ghé sin den scéal a chíoradh.

Nuair a bhíodh ré na frithchogaiochta fós faoi bhláth sa Ghearmáin, le linn na n-ochtóidí mar shampla, ba ghnás do Ghearmánaigh óga a raibh an fonn céanna eachtra orthu dul isteach i Léigiún Coigríochach na Fraince. Bhí aithne agam ar dhuine nó beirt acu sa limistéir chathrach ina raibh mé ag cur fúm ag an am sin. Deirim "duine nó beirt" mar ba amhlaidh go ndeireadh an chéad fhear i dtólamh nár chreid sé scéal léigiúnach an fhir eile! Sórt stádais i measc dreamanna áirithe a bhí i gceist arbh fhiú agus ar chóir, dar leo, é a chosaint ar aon duine nach raibh sé tuillte aige. Dá mba in Éireann é d'fhéadfadh a shamhlú cad a bheadh mar aisfhreagra ar dhuine a gcuirfí bréagmhaíomh na ballraíochta sa Léigiún ina leith: "an Léigiún Mhuire, gan dabht!" Dúirt an chéad fhear gur éirigh sé as faoi dheireadh mar níorbh fhéidir leis an marú a fhulaingt a thuilleadh. Féadaim a rá, áfach, gur sheanchas, mar a samhlaíodh dom, a bhí i gcuid mhaith de na cúntais.

Bhí aithne agam freisin, áfach, ar Ostarach a d'inis dom dá liostáilfeadh duine ón Ostair in arm eachtrach agus dá dtroidfeadh sé i gcogadh mar amhas san arm sin nach bhféadfadh sé filleadh ar an Ostair feasta, ar eagla go ngearrfaí téarma fada priosúin air. Agus is é an dála céanna é ag an Éilvéis.

Is amhlaidh nach bhfuil na tíortha siúd sásta a saoránaigh a bheith i mbun gníomhartha foréigin a n-ordódh rialtas éigin eile dóibh iad a dhéanamhi - i cibé áit agus i gcoinne cibé daoine, dá mba olc maith an chúis. (Ó thaobh na cúise de: i gcás na n-amhas san alt thuasluaite, níl suim ar bith acu sa chúis; tá siad saonta-sásta go leor polaitíocht na hAfganastáine a fhágaint faoi dhaoine eile.) I bhfocal eile, is dual do na stáit siúd gan na gníomhartha foréigin a dhéanfadh amhais, ar a saoránaigh féin iad, a mheas mar codanna den fheidhmiú iondúil gan bhaint leis an dlí a tharlaíonn faoi choim na héide míleata agus a béasanna gairmiúla, ach mar choireanna tromchúiseacha.

Nach gcuirfeadh an dearcadh daingean siúd i gcuimhne nach eachtraí neamhúrchóideacha ar nós eachtraí gasóg a bhíonn i gceist nuair a théann fir óga i mbun na hamhasaíochta? Cuir i gcás, fiú, go bhfuil máthair ón Ostair ag amhas óg ó mBaile Átha Cliath a lámhachann fear nó bean nó páiste éigean san Iaráic, d'fhéadfadh gaolta an duine mharaithe an dlí a chur air san Ostair, nó chuirfeadh na húdaráis an dlí air dá mbeadh an t-eolas agus, dar ndóigh, an misneach acu, agus ghearrfaí téarma fada príosúin air dá mbéarfaí air sa tír sin.

Bhásaigh sean-uncail dom sa Chéad Chogadh Domhanda i gcuan Suvla an amhráin i Gallipoli, mar shampla, - an margadh idir Mac Réamoinn agus rialtas na Breataine ba chúis leis - agus, amhail a lán daoine in Éireann, bhí ni ba mhó ná duine amháin de mo ghaolta ann a chaith an éide chéanna. Is fíor, ar chúis éigin, go dtugann rialtas na hÉireann le tamall de bhlianta anuas aitheantas oifigiúil do na saighdúirí Éireannacha a throid ar son na Breataine. Ach má dhéantar, ní dhéantar a dhath de chuimhneamh ar na daoine a mharaigh - ba amhlaidh a bhí, gan dabht - roinnt de na saighdiúirí sin. Cén fáth nach ndéantar? Tá an liosta de na daoine a mharaigh an tIRA ó 1916 ar aghaidh de ghlanmheabhair, de réir dealraimh, ag an Uasal Myers, mar shampla, ach ní dóigh liom go bhfuil an liosta de na daoine a cuireadh chun báis nó a céasadh ag Éireannaigh a raibh éide na Breataine á caitheamh acu de ghlanmheabhair aige, ná ag aon duine eile nach é.

I ré na faisnéise is dóigh liom nach féidir ach go bhfuil a fhios ag na hamhais Éireannaigh sa tuairisc thuasluaite cad is féidir a bheith ag gabháil lena mbeidh i mbun acu amach anseo. Ar aon nós, ní dóigh liom go nglacfaí leis dá maídís a mhalairt.

Sunday, August 1, 2010

"hé, tapas!" nó "dásacht an chiarraígh agus giorra radhairc an spáinnigh"

Chuir blagmhír de chuid Áine eachtra bheag i gcuimhne dom a tharla sna h-ochtóidí nuair a bhí mé ag tabhairt camchuairt na Spáinne.




Fadó, fadó ag spaisteoireacht liom tráthnóna i Sevilla, casadh Ciarraíoch orm agus faoi mar is dual do Éirinnigh ligeamar ár n-aithne chugainn gan mhoill agus tar éis dúinn gloine beorach nó dhó a ól agus, gan dabht, tar éis scéil ár mbeatha a insint, d'fhágamar slán lena chéile agus thugamar gach duine againn aghaidh ar a bhóthar féin.

Ar mhaidin an tSathairn dár gcionn tharla mé ag siúl trasna la Plaza Mayor i gceartlár Madrid - a bhí roinnt plódaithe le daoine ag an am - nuair... cé chasfaí orm ach Cíarraíoch úd na Sevilla.

"An raibh a fhios agat go bhfuil clú agus cáil ar shiamsaíocht oíche na cathrach seo," ar seisean, "agus is í oíche Shathairn príomh-oíche na seachtaine ó thaobh na siamsaíocht de."

Ag a hocht a chlog bhuaileamar le chéile taobh amuigh den Phrado - an t-aon áit a raibh aithne ag ceachtar againn uirthi - agus ar aghaidh linn isteach i siamsaíocht oíche cháiliúil chathair Madrid.

Bhí scéal na dtapas inste agam cheana féin don Chiarraíoch sa tábhairne i Sevilla agus inste agam freisin gur bhreá liom an gnás úd sólaistí beaga a bheith sínithe chugat ón taobh eile den chúntar ag an tábhairneoir ó uair go chéile i gcaitheamh na h-oíche - gan choinne a bheith leis.

Níorbh fhada sinn inár suí ag an gcúntar sa chéad tábhairne gur tharraing an Ciarraíoch ceist na dtapas anuas. Bheadh fonn tapas air go díreach ag an meandar sin, dar leis.

Nuair a d'fhéach sé thart agus d'fhiafraigh cá raibh an tábhairneoir ba chóir go mba leor sin mar nod dom go raibh gné an-thábhachtach ar fad in easnamh ar an gcur síos a bhí tugtha agam dó faoi ghnás deas na dtapas.

D'fhill an tábhairneoir ar ball agus thapaigh mo dhuine ar an toirt an deis a raibh sé ag faire léí, de ré dealraimh. Sháigh sé a chloigeann isteach thar an gcúntar agus ghlaoigh...

(Brúfaidh mé ar an gcnaipe sosa ag an bpointe seo agus rachaidh mé ar ais chuig mo mhíniúchán:


tapas = sólaistí beaga a shíneann an tábhairneoir chugat ón taobh eile den chúntar ó uair go chéile i gcaitheamh na h-oíche - gan choinne.


Ba í an chuid den sainmhíniú nach raibh sonraithe go mion agam de bharr í a bheith tuigthe as féin, dar liom, ná:


...AGUS GAN IAD A ÉILEAMH ! ! ! ! ! )

..."Hé, tapas! Tapas anseo!" a ghlaoigh an Ciarraíoch, "Píseanna talún, má tá siad agat."

Ní gá a rá nach bhfuair sé faic seachas amharc géar.

Thug mé an chuid a bhí in easnamh ar an míniúchán dó ní ba dhéanaí san oíche nuair a bhí, faoi dheireadh, an náire curtha díom.

Faoin am sin bhíomar i dtábhairne eile i gcuideachta bhan agus ag ól agua de Valencia leo.

Is amhlaidh go raibh an oíche imithe i bhfeabhas idir an dá linn. Agus dar ndóigh, is mithid dom rud tábhachtach a admháil ag an bpointe seo: cé go raibh caolchúis an tsaoil caillte go h-iomlán ar mo dhuine níor mhíbhuntáiste amach is amach é an oíche siúd an Ciarraíoch seo, nach raibh a dhath de dhásacht neamhbhalbh cháiliúil a cheantair dhúchasaigh de dhíth air, a bheith mar chomhghuaillí agam.

Sea, bhí buntáistí dearfacha i gceist fiú.

Mar shampla, ní raibh drogall ar bith air forrán a chur ar na mná.

Ar aon nós, bhíomar inár suí i gcúinne na tábhairne ina rabhamar leis na mná agus an agua de Valencia nuair a d'éirigh ceann de na mná agus chuaigh i dtreo an bheáir.

"Cad atá ar bun aici?" a d'fhiafraigh an Ciarraíoch díom.

"Ar tóir tapas duitse, gan amhras," a d'fhreagair mé. Faoin am sin bhí mé go maith in ann - salud! - blas a fháil ar an ngné ghreannmhar den scéal.

Ar ball d'fhill an bhean ar ais chugainn ón mbeár.

"An bhfeiceann sibh an bhean sin ina seasamh leis an slua thall ag an mbeár?" a d'fhiafraigh sí. "Is cara dom í agus tá sí go díreach tar éis de mo fhiafraí an raibh aithne agam ar an bhfear dóighiúil anseo sa chúinne."

D'fhéach an Ciarraíoch i dtreo an bheáir. Ar an gcaoi ar dhírigh sé é féin sa suíochán agus ar schac sé a smig amach go bródúil ba léir go raibh sé sásta lena raibh le feiscint ann. Ansin d'iompaigh sé i dtreo na mná inár dteannta, miongháire an tsásaimh leata ar a aghaidh.

"Agus ar mhiste leat í a chur in aithne dom?" arsa an Ciarraíoch léí.

"Aiféala an domhain orm," a d'fhreagair sí, "ach ní tusa a bhí i gceist aici."


**************************************************************************************


Ba amháin le caoinchead na cinniúna, arbh an údar í, ar cheadmhach dom an scéal seo a athinsint.