Sunday, August 1, 2010

"hé, tapas!" nó "dásacht an chiarraígh agus giorra radhairc an spáinnigh"

Chuir blagmhír de chuid Áine eachtra bheag i gcuimhne dom a tharla sna h-ochtóidí nuair a bhí mé ag tabhairt camchuairt na Spáinne.




Fadó, fadó ag spaisteoireacht liom tráthnóna i Sevilla, casadh Ciarraíoch orm agus faoi mar is dual do Éirinnigh ligeamar ár n-aithne chugainn gan mhoill agus tar éis dúinn gloine beorach nó dhó a ól agus, gan dabht, tar éis scéil ár mbeatha a insint, d'fhágamar slán lena chéile agus thugamar gach duine againn aghaidh ar a bhóthar féin.

Ar mhaidin an tSathairn dár gcionn tharla mé ag siúl trasna la Plaza Mayor i gceartlár Madrid - a bhí roinnt plódaithe le daoine ag an am - nuair... cé chasfaí orm ach Cíarraíoch úd na Sevilla.

"An raibh a fhios agat go bhfuil clú agus cáil ar shiamsaíocht oíche na cathrach seo," ar seisean, "agus is í oíche Shathairn príomh-oíche na seachtaine ó thaobh na siamsaíocht de."

Ag a hocht a chlog bhuaileamar le chéile taobh amuigh den Phrado - an t-aon áit a raibh aithne ag ceachtar againn uirthi - agus ar aghaidh linn isteach i siamsaíocht oíche cháiliúil chathair Madrid.

Bhí scéal na dtapas inste agam cheana féin don Chiarraíoch sa tábhairne i Sevilla agus inste agam freisin gur bhreá liom an gnás úd sólaistí beaga a bheith sínithe chugat ón taobh eile den chúntar ag an tábhairneoir ó uair go chéile i gcaitheamh na h-oíche - gan choinne a bheith leis.

Níorbh fhada sinn inár suí ag an gcúntar sa chéad tábhairne gur tharraing an Ciarraíoch ceist na dtapas anuas. Bheadh fonn tapas air go díreach ag an meandar sin, dar leis.

Nuair a d'fhéach sé thart agus d'fhiafraigh cá raibh an tábhairneoir ba chóir go mba leor sin mar nod dom go raibh gné an-thábhachtach ar fad in easnamh ar an gcur síos a bhí tugtha agam dó faoi ghnás deas na dtapas.

D'fhill an tábhairneoir ar ball agus thapaigh mo dhuine ar an toirt an deis a raibh sé ag faire léí, de ré dealraimh. Sháigh sé a chloigeann isteach thar an gcúntar agus ghlaoigh...

(Brúfaidh mé ar an gcnaipe sosa ag an bpointe seo agus rachaidh mé ar ais chuig mo mhíniúchán:


tapas = sólaistí beaga a shíneann an tábhairneoir chugat ón taobh eile den chúntar ó uair go chéile i gcaitheamh na h-oíche - gan choinne.


Ba í an chuid den sainmhíniú nach raibh sonraithe go mion agam de bharr í a bheith tuigthe as féin, dar liom, ná:


...AGUS GAN IAD A ÉILEAMH ! ! ! ! ! )

..."Hé, tapas! Tapas anseo!" a ghlaoigh an Ciarraíoch, "Píseanna talún, má tá siad agat."

Ní gá a rá nach bhfuair sé faic seachas amharc géar.

Thug mé an chuid a bhí in easnamh ar an míniúchán dó ní ba dhéanaí san oíche nuair a bhí, faoi dheireadh, an náire curtha díom.

Faoin am sin bhíomar i dtábhairne eile i gcuideachta bhan agus ag ól agua de Valencia leo.

Is amhlaidh go raibh an oíche imithe i bhfeabhas idir an dá linn. Agus dar ndóigh, is mithid dom rud tábhachtach a admháil ag an bpointe seo: cé go raibh caolchúis an tsaoil caillte go h-iomlán ar mo dhuine níor mhíbhuntáiste amach is amach é an oíche siúd an Ciarraíoch seo, nach raibh a dhath de dhásacht neamhbhalbh cháiliúil a cheantair dhúchasaigh de dhíth air, a bheith mar chomhghuaillí agam.

Sea, bhí buntáistí dearfacha i gceist fiú.

Mar shampla, ní raibh drogall ar bith air forrán a chur ar na mná.

Ar aon nós, bhíomar inár suí i gcúinne na tábhairne ina rabhamar leis na mná agus an agua de Valencia nuair a d'éirigh ceann de na mná agus chuaigh i dtreo an bheáir.

"Cad atá ar bun aici?" a d'fhiafraigh an Ciarraíoch díom.

"Ar tóir tapas duitse, gan amhras," a d'fhreagair mé. Faoin am sin bhí mé go maith in ann - salud! - blas a fháil ar an ngné ghreannmhar den scéal.

Ar ball d'fhill an bhean ar ais chugainn ón mbeár.

"An bhfeiceann sibh an bhean sin ina seasamh leis an slua thall ag an mbeár?" a d'fhiafraigh sí. "Is cara dom í agus tá sí go díreach tar éis de mo fhiafraí an raibh aithne agam ar an bhfear dóighiúil anseo sa chúinne."

D'fhéach an Ciarraíoch i dtreo an bheáir. Ar an gcaoi ar dhírigh sé é féin sa suíochán agus ar schac sé a smig amach go bródúil ba léir go raibh sé sásta lena raibh le feiscint ann. Ansin d'iompaigh sé i dtreo na mná inár dteannta, miongháire an tsásaimh leata ar a aghaidh.

"Agus ar mhiste leat í a chur in aithne dom?" arsa an Ciarraíoch léí.

"Aiféala an domhain orm," a d'fhreagair sí, "ach ní tusa a bhí i gceist aici."


**************************************************************************************


Ba amháin le caoinchead na cinniúna, arbh an údar í, ar cheadmhach dom an scéal seo a athinsint.

8 comments:

  1. Scéal iontach, a Ormondo! Agus, fáilte ar ais, ahem, a fhir dhoighiúil...:-)

    ReplyDelete
  2. GRMA, a chairde.

    @ Áine - mar atá scríofa ar bharr an scéil: Fadó, fadó... ;-)

    Dála an scéil, bhíos thall in Éirinn le feadh breis is seachtaine ag tabhairt cuairte ar mo mháthair atá i dteach altranais le feadh tamaill. Suaimhneas ar sop anois ar gach taobh chomh fada agus is féidir tar éis tréimhse a bhí suaite go leor.

    D'éirigh liom sciuird a thabhairt ó thuaidh go Béal Féirste srl. áit nach rabhas ann le fiche bliain anuas. Tuilleadh ar ball...

    ReplyDelete
  3. Agus d'éirigh tú go tapa... le do chuid tapas féin a fháil ón bheár. An Ciarraíoch bocht.
    ;-)

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil (agus rud atá ar eolas agat, gan dabht), ordaítear las tapas agus íoctar astu anois, sna cathracha ar aon nós, cé go bhfuil an sean-traidisiún beo fós in áiteanna eile. Is cuimhin liom go bhfuair muid tapas simplí, saor in aisce agus gan ordú, in éindí leis an mbeoir in Úbeda cúpla samhradh ó shin.

    Agus seo sainmhíniú eile duit, ceann sanaseolaíoch:

    tapa = claibín, clár = píosa aráin a chuirtear os cionn gloine fíona agus slis hama, cáise nó rud éigin eile mar sin air

    ReplyDelete
  5. Creid é nó creid, ní raibh mé i mBéal Feirste ach cúpla uair, a Ormondo - uair amháin, ag obair ann ar feadh trí seachtainí, cúpla bliain ó shin; agus uair amháin eile, nuair a bhí mé ag léamh filíochta sa Chultúrlann. An bhfaca tú an Chultúrlann?

    Thaitin an áit go mór liom.

    Is maith liom go bhfuil 'suaimhneas ar sop' de shaghas agat anois, a chara.

    ReplyDelete
  6. @ Dennis - go raibh maith agat as an bhfaisnéis faoi shanasaíocht an fhocail.

    @ Áine - chonaic mé í agus ó tharla go bhfuil sé oscailte ar an Domhnach bhíod istigh ann freisin. Nach ollmhór an réimse leabhar acu!

    ReplyDelete