Monday, April 11, 2011

léitear mo bheola: ní ábhar grinn éigniú ban ! ! !


B'fhéidir gur beag an cur amach atá agam faoi scéal Shell i gcontae Mhaigh Eo. Agus gan amhras, ní raibh sé de rún ag na Gardaí (Gardaí!) i gceist go gcraolfaí riamh na tagairtí "greannmhara" a dhein siad do éigniú ban. Go rachadh roinnt de na daoine a bhí i gcoinne na nGardaí cheana féin thar fóir agus go ndéanfaidís a seacht ndícheall teacht i dtír ar an scéal, ní gá go gcuirfeadh sin ionadh ar éinne. Agus roinnt de na tráchtairí (ní gach duine acu, áfach) sna meáin, is eol dúinn le fada nach ag iomramh dóibh féin a bhíonn a lán díobh siúd ach ag seoladh le cóir ghaoithe, agus nach ábhar iontais é dá bharr iad a bheith ag déanamh beag is fiú den scéal.

Is iomaí uair a d'insíodh scéal grinn gáirsiúil sa tábhairne nó lasmuigh de agus a leithéid cloiste ag gach duine ó am go chéíle ach níor chuala mise riamh gur baineadh úsáid as éigniú ban sa tslí sin. Agus is iomaí duine a bheith go mór faoi bhrú ach gan úsáid a bhaint as éigniú ban mar ábhar grinn ar mhaithe le faoiseamh éigin a thabhairt dóibh féin.

Táim cinnte de go bhfuil móramh mór den tuairim nach bhfuil a leithéid inghlactha i gcás ar bith. Agus más amhlaidh atá sé, tá iomlán an chirt acu.

Mar ná bíodh dul amú ar aon duine: ní ábhar grinn éigniú ban ach coir ghránna. Lánstad!

3 comments:

  1. Ba chóir go mbeadh náire orainn go léir ach tá roinnt daoine á chosaint. NÍ thuigim sin

    ReplyDelete
  2. Aontaím go hiomlán leat. Bhí níos mó tráchta ar "cén chaoi nár stop siad an taifeadadh" ná mar a bhí ar an mbagairt é féin, ar chlár Marian Finucane (mo phríomh-fhoinse nuachta!) ar an deireadh seachtaine. 'Sé an t-easpa géar freagrachta in Éirinn an chúis is mó feirge sa tír. Is cuma liom sa tsioc má tá meas ar an ngárda seo i measc a chomhoibrithe. Níor chóir dó a bheith sa phost fós.

    ReplyDelete
  3. @ ní ábhar grinn éigniú ban

    Aontaím, go huile agus go hiomlán.

    Tá seal réasúnta fada caite agam ar an saol seo, agus is iomaí garda, fear agus bean, a labhair i mo chomhluadar thar na blianta sin - níor chuala mé riamh aon tagairt ghreannmhar faoi éigniú ban.

    Ní féidir tagairtí ghreannmhara faoina leithéid a chosaint, agus sin sin. Lánstad!

    ReplyDelete