Sunday, May 1, 2011

bhuel, an gcuireann sé ocras oraibh?...


Lá breithe m'iníne is óige inniu agus thugamar cuairt ar an bhFrühlingsfest.

Chonaic mé an fógra seo ar crochadh ann agus dhein mé grianghraf de.

Cé go bhfuil an focal Béarla "hit" gearmánaithe ar feadh tréimhse maithe anois, ní dóigh liom gur ámharach an cleamhnas atá déanta aige leis an tuiseal ginideach den fhocal "Tag" (= lá/ tuiseal ginideach = Tages).

Is minic a bhíonn cuairteoirí idirnáisiúnta i láthair a mbíonn an Béarla mar phríomhtheanga taistil acu. (An gceapfadh leantóir de Rangers (Glaschú), mar shampla, go bhfuil baint ag an bhfógra leis an ndream eile?)

Nó an gceapfaí, b'fhéidir, gur leasainm tíriúil don Wurst atá i gceist?

6 comments:

  1. Chonaic mé fógra mar é i bhfad siar i proinnteach monarchain san Eilvéis. Bhí orm é léamh cúpla uair sular ndearna mé an chiall ceart a bhaint as.

    ReplyDelete
  2. Ar an gcéad amharc, is é an "focal" ag deireadh an fhocail a thugtar faoi ndeara, ceapaim agus is cúis leis an "éifeacht".

    ReplyDelete
  3. Is mé a scairt amach ag gáire, cé go ndearna mé an anailís cheart air láithreach. Hí hí!
    :-)

    ReplyDelete
  4. Ba mhaith liom an Tageshit le muga mór Muckefuck, le do thoil.

    ReplyDelete
  5. Agus ós ag caint ar chaife atá mé, féach seo.
    :-)

    ReplyDelete
  6. Hmm. Sin ceann nach raibh agam. Mé chomh soineanta le lucht an caifé.

    ReplyDelete