Wednesday, May 11, 2011

cad a dhéantar nuair a phléascann bonn feithicle...



Bhí mé in Éirinn le déanaí ar feadh cúpla lá le freastal ar chuimhneamh míosa mo mháthar agus chun nithe eile a dhéanamh a raibh gá leo, cuid acu nach raibh ró-inmhianaithe. Bhí teach mo mháthar le folmhú, mar shampla. Chuidigh col ceathrair liom an tasc sin a chur i gcrích. Is iontach an bhean í an col ceathrair céanna agus d'éirigh linn an obair a chur dínn gan mórán crá.

Ar aon nós, bhí gluaisteán ar cíos agam agus nuair a bhíos ag filleadh ar an Domhnach - Domhnach na Cásca a bhí ann - agus ag taisteal suas an mótarbhealach i dtreo an aerphoirt cad é a tharla ach gur phléasc an bonn tosaigh ar thaobh na láimhe deise.

D'éirigh liom an gluaisteán a choinneáil faoi smacht agus, faoi dheireadh, a stopadh. Bhí an bonn féín scriosta go hiomlán agus bhí deatach ag éirí aníos uaidh. Agus mé ag breathnú síos air d'airigh mé mar a bheadh lámh na cinniúna i láthair. Scanrúil go leor.

D'aistrigh mé an bonn agus bhain mé an t-aerphort amach ar an mbonn spártha (uasluas 80 km/u) in am don eitleán.

Caithfidh mé a admháil gur mhó an crith a bhain sé asam ar an lá dar gcionn ná ag an am ar tharla sé. B'fhearr an t-idirlíon a sheachaint ar uairibh, is dócha. Ar aon chaoi, chuaigh mé i mbun tuilleadh eolais ar an ábhar a fháil amach. Drochscéal ar fad a bhíonn ann go minic nuair a tharlaíonn a leithéid.

Tugann an físeán thuas píosaí comhairle ar fiú eolas a bheith orthu - roimh ré.

Is é an rud is tábhachtaí ná gan úsáid láithreach a bhaint as an gcoscán ar an ábhar go bhfuil sé de riachtanas an móiminteam chun tosaigh a chaomhnú ós rud é go dtarraingítear an gluaisteán ar leataobh ag an mbonn scriosta.

2 comments:

  1. 'Don't panic...' a dúirt sé! Sea, a Fhearghuis, sin é an chéad rud nach ndéanfainn, dá dtarlódh a leithéid dom...táim, ahem, cinnte...

    @ 'Bhí teach mo mháthar le folmhú,'

    Na nithe sin a bhriseann do chroí, a chara, ach caithfear iad a dhéanamh, faraor.

    ReplyDelete
  2. Caithfidh mé a rá, a Áine, go bhfuil mé ag teacht tríd, go dtí an pointe seo, níos fearr ná a shamhlaigh riamh roimh ré.

    Ní sé chomh dona sin; difriúil, b'fheidir.


    Dála an scéil, míthuiscint ba chúis leis nár dheineas aon rud mícheart nuair a phléasc an bonn. Tá áiteanna ar an mótarbhealach abhus ina gcuireann dromchla an bhóthair an gluaisteán ag croitheadh ar an gcaoi chéanna gan go mbíonn dochar déanta do bhonn ar bith - ós rud é gur seanbhóithre iad don chuid is mó. Mar sin, bhí taithí éigin agam ar an saghas creathaidh sin.

    ReplyDelete