Tuesday, May 3, 2011

tuigim! b'in an fáth...


...a raibh gach duine eile thart ar fhiche bliain, ar a laghad, ní ba óige ná mise!

Dhiúltaigh mo bhean chéile agus mo iníon dul air. Ní raibh fúm ar dtús dul ar aon mharcaíocht dá leithéid, ach an oiread. An Domhnach seo caite a bhí i gceist.

Na blianta ó shin, ba ar éigean ba leor na marcaíochta ba fhiáine domsa chun an leadrán agus an leamhas a ruaigeadh!

Seans gurbh ar siúd a bhíos ag smaoineamh nuair - le flosc eachtra - a bheartaigh mé triail a bhaint as an Break Dance...  Ní raibh mo chompánaigh ró-shásta le mo chinneadh.

Bhuel, geallaim daoibh gurbh í an uair dheireannach; thóg sé leathuair a chloig go dtí go raibh mé tagtha chugam féin aris.

B'in an fáth nach raibh ach daoine faoi thriocha bliain d'aois ag marcaíocht ar an diabhal rud!

Ar ór na cruinne, ní dhéanfaidh mé a leithéid arís! 

4 comments:

  1. An dtagann ciall le haois, nó an gcaithfear é cheannach go daor? [Ní rabhas fhéin riamh ceanúil ar a mhacasamhail]

    ReplyDelete
  2. Is amhlaidh gur dhein mé dearmad de mo aois ar feadh meandair. Cé gur féidir a leithéid a bheith aoibhinn fad a mhaireann sé, tá a fhios agam anois nach aoibhinn ar bith é má sheoltar thú ar an Break Dance lena linn! Ciall dhaorcheannaithe atá i gceist sa chás seo.

    ReplyDelete
  3. Fiú agus mé i m'óige, ní dhearna mé a dhath mar seo - ach táimse neirbhíseach ar rothar!

    ReplyDelete