Sunday, July 10, 2011

greamán rabhaidh nua...


Nach mbeadh sé áisiúil dá ngreamófaí rabhadh de shaghas éigin de gach píosa seafóide a fhoilsítear sna nuachtáin? 

I gcás na Gaelainne, mar is eol dúinn, tá na saineolaithe roinnte ina dhá ghrúpa (amhail an p-Ceilteach agus an q-Ceilteach): is ann don s-dream agus is ann don 0-dream (0 = náid). 

An chéad dream leis an "s" - cuirtear "saineolaithe" orthu -  ní chloistear nó ní fhoilsítear iadsan go ró-mhinic, faraor.

Ach mar chúiteamh ar sin, tá saoirse leathanach na litreacha nach mór bronnta ag nuachtáin áirithe ar  an 0-dream - cuirtear "aineolaithe" orthu siúd (nó ba chóir go gcuirfí).

Ar aon nós, tá an greamán trítheangach thuas "deartha" agam don ghnó - níl aon bhreith ar "Vorsicht!" na Gearmáinise ar fhógra rabhaidh, am baist.

Ar chóir é a ghreamú den litir seo?

3 comments:

  1. D'fheadfaí é a ghreamú den nuachtán úd!

    ReplyDelete
  2. Ach amháin ar an gcéadaoin, b'fhéidir...

    ReplyDelete
  3. Ní bhacfainn leis, mar litir - ní fiú é!

    ReplyDelete