Wednesday, September 14, 2011

blagadóir beo i Nua-Eabhrac...


Táimid ar ais arís as Nua-Eabhrac le breis agus seachtain anois. Bhaineamar an-sult as an turas.

Cé go rabhas i SAM cheana féín ní rabhas riamh i Manhattan. Ar bhealach amháín is easnamh domhaithithe a leithéíd ach ar bhealach eile thug sé deis dom dul i dtaithí in athuair ar shiondróm na léine báine (cuid a haon, an chuid thaitneamhach), rud nach dtarlaíonn go ró-mhinic do dhuine atá, abraimís, imithe beagáinín in aibíocht.

Mar shampla, nuair a léim tuairisc éigin - cuir i gcás san IT - faoi chuairt a thug an t-údar ar an nGearmáin, samhlaíonn sé dom go minic nach bhfuil ach na dea-rudaí sean-aitheanta cáiliúla feicthe ag an údar. Ní mar sin atá sé i ndáiríre, deirim liom féin, mar ní fhaca sé seo nó siúd, rudaí nach bhfuil, b'fhéidir, ró-iontach ar chor ar bith.

Sin cuid a dó (an chuid is faide) de shiondróm na léine báine.

Siondróm na Léine Báine: ar dtús feiceann tú amháin an bhaíne agus tar éis tamaill ní fheiceann tú ach na dúradáin, na spotaí dubha.

Bhí mé meáite air, mar sin, le linn an tamaill ghairid a bheinn ag scimeáil ar dhromchla Nua-Eabhraic gan ach an bháine lonrach a fheiceáil; ní deacair sin i Nua-Eabhrac agus dheineas amhlaidh.

Tuilleadh ar ball.

2 comments:

  1. Is maith liom an sainmhíniú sin. Ach bíonn an geal i gcónaí leis an dubh ina orlaí tríd, agus vice versa. I súil an bhreathnóra...

    ReplyDelete
  2. @ I súil an bhreathnóra...

    Aontaím. Bhí mé ann trí nó ceithre huaire, agus chonaic mé nithe éagsúla ar chaon turas acu - bhrath go leor ar an spion a bhí orm ag an am..:-)

    ReplyDelete