Thursday, September 15, 2011

tigh MoMA...

coke squash # 1: hey, wilbur!

Ar Labor Day thugamar cuairt ar Mhúsaem na hEalaíne Nua-Aimseartha.

Chun scéal fada a dhéanamh gearr: ar an séú stór tá saothair na sár-réaltaí le feiceáil agus dá mba é nach raibh ann ach an méid sin, b' fhiú an táille iontrála.

Bhí cuid acu feicthe agam thar na blianta sa Staatsgalerie i nGarraí na Graí.

Taitníonn Alberto Giacometti liom ar chaoi éigin, a raibh taispeántas mór dá shaothar i Stuttgart tráth dá raibh.

Ar stór eile bhí saothair de chuid Josef Beuys le feiceáil. Tá seomra mór sa ghailearaí i Stuttgart atá tiomnaithe do sheancheallra cairr a chuir Beuys ina lár. Bhí Fettecke (cúinne saille) dá chuid sa ghailearaí i nDüsseldorf, cúig cileagram ime a bhí smeartha isteach i gcúinne aige. Ach ansin tháinig an lucht glantacháin ar an bhfód...

"Seans go bhfuil rud éigin bunaithe ar an ath-aithint, ar an ath-ath-aithint, nó fiú amháin, ar an ath-ath-ath-aithint," arsa mise (ní ag stadaireacht a bhíos), agus mé cur theoiric na healaíne de mo chuid in iúl. "I gcúrsaí ealaíne", a d'fhreagair m'iníon, "is binn béal ina thost".

Rith ceist liom: fiú más píosa ealaíne gach uile rud, an gá é a fhagáil i lár an tseomra? Agus an eascróidh teoiric nua as sin?

Cad a cheapann sibhse?

3 comments:

  1. ASG! Ceisteanna maithe, agus seans go bhfuil ealaíon cibé áit a bhfeiceann duine í..:-)

    ReplyDelete
  2. Feicim go raibh alt neamhbhalbh le Kevin Myers neamhbhalbh san Indo inné ina raibh sé ag caitheamh anuas ar an ealaín nua-aimseartha.

    http://www.independent.ie/opinion/columnists/kevin-myers/kevin-myers-modern-art-is-one-of-the-greatest-contricks-of-the-20th-century-awash-with-stupid-money-2878000.html

    Sara dtéann sé le báiní leis an ábhar, cuireann sé ealaíontóir in aithne, Paul Murphy, ar fiú súil a chaitheamh ar a shuíomh Gréasáin.

    http://www.murphygallery.com/biography.php

    ReplyDelete
  3. Níl ach rud amháin ag teastáil le hEalaín a dhéanamh as rud ar bith: fráma. Fráma, .i. rud cearnógach déanta as adhmad, bosca plaisteach, nó spás ar leith, bíodh sé i lár an tseomra, i lár páirce, cibé. IMO, ar ndóigh.
    ;-)

    ReplyDelete