Sunday, November 6, 2011

Guy Fawkes agus Jud Süß: an bheirt bhead-ghaidhs...


Is é atá sa dara pictiúir thuas ná an póstaer a d'fhógair an scannán míchlúiteach a dhein Veit Harlan sa bhliain 1940 mar scannán boilscearachta frith-Ghiúdach do na Naitsithe.

Guy Fawkes é an duine sa phictiúr ar bharr na míre seo. Má ba bhead-ghaidh na Naitsithe Jud Süß tráth dá raibh sa Ghearmáin, is bead-ghaidh fós Guy Fawkes in áiteanna áirithe eile.

An dóigh libh gur íomhá fhrith-Chaitliceach í nó an spraoi lán-neamhúrchóideach a bhíonn i gceist agus Guy Fawkes á dhó ar bharr tinte cnámha le linn Guy Fawkes Night?

Nach mbainfeadh an chosúlacht idir an mbeirt thuas siar asat fós féin?

Uirlis bolscaireachta ar baineadh úsáid aisti le dul i gcion ar mheon an phobail i leith lucht creidimh eile chun an lucht siúd a dhíshealbhú agus a chur faoi chois. Hmmm... cé acu atá i gceist agam anois?


Agus i bhfianaise a bhfuil ráite thuas, an dóigh libh gur rogha mí-ámharach an masc seo mar shiombail na gluaiseachta atá ag léirsiú faoi láthair in aghaidh an chaipitleachais?

Ach cad atá an masc féin ag smaoineamh agus aoibh go dtí na cluasa air? (Ní Jud Süß ná Guy Fawkes mé ach masc le miongháire air agus sáróidh an tuiscint don ghreann na baincéirí féin?)

Go tsáraí sí.

4 comments:

  1. An dóigh libh gur íomhá fhrith-Chaitliceach í nó an spraoi lán-neamhúrchóideach a bhíonn i gceist agus Guy Fawkes á dhó ar bharr tinte cnámha le linn Guy Fawkes Night?

    Níl barúil dá laghad agamsa. Is Meiriceánach mé agus níl Guy Fawkes Day ina fhéile idirnáisiúnta -- ar nós Oíche Shamhna!
    ;-)

    Maidir leis an aghaidh fidil thuas, ní raibh a fhios agam ar dtús gur Guy Fawkes a bhí ann. Tá sí an-chosúil le mascanna atá le feiceáil i Meicsiceó a úsáidtear i ndrámaí damhsa le linn féilte éagsúla i mbailte beaga. Nuair a bhíonn an chosúlacht sin (craiceann bán, gruanna bándearga, croiméal agus féasóg) ar aghaidh fidil, is léir ar an toirt gur conquistador atá ann!

    ReplyDelete
  2. Sílim gur tháinig an masc chun cinn de bharr na leabhair/scannáin V for Vendetta, seachas eolas chruinn a bheith ag daoine ar an mbunscéal.

    http://en.wikipedia.org/wiki/V_for_Vendetta

    Tagann claochlú le himeacht ama ar na deamhain bolscaireachta.

    ReplyDelete
  3. Seo hiad mo fhoinsí(!): http://www.spiegel.de/netzwelt/netzpolitik/0,1518,795927,00.html

    (Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil ré caithréimeach de chuid Der Spiegel san aimsir chaite.)

    http://www.domradio.de/aktuell/77574/mit-der-maske-des-umstuerzlers.html

    @ Dennis: "...is léir ar an toirt gur conquistador atá ann!"

    Cruth aghaidhe uilechoiteann an bhithiúnaigh, dar ndóigh.

    Dála an scéíl, ní raibh an téarma "aghaidh fidil" agam. GRMA. :-)

    @ Aonghus: GRMA as an nasc.

    ReplyDelete