Saturday, November 5, 2011

idir dhá chrith na sleá...

De réir an tseanfhocail is é an rud is annamh is iontach. Ach an ionann sin agus a rá gur rud iontach gach rud annamh?

Cíbé ar bith tá alt le Fiontán Ó Tuathail san IT inniu ar fiú é a léamh. "Cén fáth a raibh Shakespeare chomh do-ghabhála sin?" an teideal.

 Liam Luaineach ag ainliú idir dhá chrith na sleá?

Pléann sé ar dtús leis na teoiricí comhcheilge i dtaobh fhíor-údaracht na saothar cáiliúil agus maíonn sé nach raibh taobh thiar díobh agus iad á gcur faoi bhráid an phobail ar dtús ach snobaireacht an uasaicme agus iad gan a bheith sásta glacadh leis go raibh fear ón meánaicme in acmhainn a leithéid de shaothair a chruthú.

Ach is é an léamh ar Shakespeare mar ealaíontóir éalaitheach i ré ghuaiseach an tuairim is úire agus is suimiúla a nochtann Ó Tuathail san alt, dar liom.

Dealraíonn sé Liam Luaineach leis na healaíontóirí a mhair le linn ré Stalin san Aontas Sóivéadach. Níor mhóir dóibh siúd a bheith de shíor ar a ndícheall ag iarradh iad féin a choimeád beo agus a bheith ina n-ealaíontóirí cruthaitheacha ag an am céanna. Ritheann na haimneacha Shostakovich agus Prokofiev (a fuair bás ar an lá céanna a ndeachaigh Stalin féin amach ar Shlí na Fírinne) láithreach bonn liom.

Mar is eol bhí Banríon Eilís I Shasana i mbun na Caitlicigh a dhíothú ag an am agus más fíor é go raibh Shakespeare ag ainliú idir an seanchreideamh agus an creideamh nua ní nach ionadh go raibh sé ar a dhícheall nach dtiocfadh a leithéid go ró-shoiléir chun solais ina shaothair. Go mór mór ó bhí daoine a raibh baint aige leo curtha chun báis ag an gCoróin.

Agus má chuimhnítear ar an modh básaithe barbarach a bhíodh i bhfeidhm i Sasana ón mbliain 1341 anuas go dtí an 18ú haois ní deacair a shamhlú - má tá bunús le teoiric an Tuathalaigh - go raibh imní agus scéin fite fuaite i bpróiseas cruthaitheach de chuid Shakespeare.

Nach íorónach an rud é dá mbeadh an drogall traidisiúnta a bhíonn ar Shasanaigh plé leis an taobh gruama dá stair féin ar an gconstaic ba mhó dóibh chun teacht ar léargas cruinn ar an bhfile is cáiliúla dá raibh riamh acu?

3 comments:

  1. Maith agat as m'aird a dhíriú air.

    Shamhlóinn ámh go bhfuil miotas Good Queen Bess dobhriste.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Ba chomhghleacaí Gearmánach liom a chuir mionsonraí an mhodha básaithe a cleachtadh sa ré i gceist ar mo shúile agam le déanaí agus fonn air a léiriú nárbh iad na Gearmánaigh amháin etc. etc.

    Ní raibh a fhios agam roimhe sin cé chomh brúidiúlach agus a bhí sé i ndáiríre agus na fir leath-chrochta á gcoilleadh go poiblí agus na putóga á dtarraingt amach astu sara ndéantaí iad a dhícheannú.

    Deirtear nach bhfuil aois amháin inchurtha le haois eile ach is ró-éasca an dul as é sin mar argóint nó mar dhearcadh, dar liomsa, agus gan cruthúnas ar bith á thacú.

    ReplyDelete