Tuesday, November 15, 2011

an pholainn, an úcráin agus an dóchas...



Mar is eol daoibh, tá an cáiliúchán do Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa bainte amach ag foireann sacair Phoblacht na hÉireann.

An cuimhin libh an uair dheireannach a tharla a léithéid?

Má bhreathnaítear ar an bhfíseán feictear an slua taobh thiar den chúl. Go díreach san áit sin a raibh mise an lá céanna. Lá stairiúil a bhí ann agus níor chreid éínne sa bhliain 1988 go dtarlódh a leithéid.

Tá súil agam go mbeidh iontas dearfach eile i ndán dúinn sa Pholainn agus san Úcráin an bhliain seo chugainn.

2 comments:

  1. An bhfuil tú in ann tú féin a aithint sa bhfíseán?!

    Ní dóigh liom go bhfuil 'dóchas' againn anois, ach ionchas. Níl súil againn go mbuafaimid an comórtas. Tá a fhios againn é!!!

    ReplyDelete
  2. Níor éirigh liom riamh mé a aithint - an iomarca daoine ann.

    Níl dóchas ar bith go mbuafaimid an comórtas.

    ReplyDelete