Saturday, December 10, 2011

tá cnagairí na háite ag cuidiú leis na póilíní ina gcuid fiosrúcháin...


Nuair a bhí mé i mo gharsún óg fiosrach ag éisteacht le Cathal de Mhistéal ar an raidió agus é ag léamh na nuachta, thugainn an-suntas do abairt áirithe a leanadh, de ghnáth, gach mír nuachta faoi choir éigin a bhí tar éis tarlú, mar atá: "tá roinnt daoine ag cuidiú leis na gardaí faoi láthair ina gcuid fiosrúcháin."

Cé go raibh drochghníomh tar éis titim amach, ba mar shólás riamh dom na daoine deasa cuidiúla seo a bheith ar iompú boise ar an láthair agus iad de shíor toilteanach agus lánsásta, de réir dealraimh, cuidiú leis na gardaí bochta.

Ach cérbh iad na daoine cuidiúla seo? a d'fhiafrínn díom go minic.

Bhuel, bhí sé tugtha faoi ndeara agam go mbíodh daoine ann sa phobal, fir a bhformhór agus fuadar na tábhachta fúthu, a bhailíodh an t-airgead san eaglais, mar shampla, agus a bhíodh ina léitheoirí agus mar sin de. Tuataí le gradam áirithe a mbíodh liosta a n-ainmneacha á léamh amach gach Domhnach agus é beagnach de ghlanmheabhair ag gach duine sa cheantar. Agus ag mórshiúil Fhéile Chorp Chríost bhídis gníomhach mar mhaoir. Nuair a bhíodh cluichí ar siúl bhídís i láthair freisin agus feidhm éigin acu.

Agus iad sáite i ngach uile rud eile, caithfidh gurbh iad seo na daoine freisin a bhíodh - pé uair a bhíodh gá leis - ag cabhrú leis na póilíní a gcuid fiosrúcháin a thabhairt chun cinn, dar liom. Níor dheacair dom na fir seo a shamhlú agus iad - a luaithe agus a bheadh scéala amuigh faoi choir sa cheantar - ag déanamh go diongbháilte ar stáisiún na ngardaí. Agus i gcónaí ar an mbonn deonach, neamhoifigiúil céanna, gan dabht.

Ar ámharaí an tsaoil, sara raibh deis agam clúmhilleadh a scaipeadh ar fud an bhaile chuir mé toradh mo dhomhainmhachnamh faoi bhráid mo thuismitheoirí.

********

Dála an scéil, tá an blocthiontaire torainn ísil (LNB) thuas as feidhm faoi láthair. Ní fheadar cén fáth...

(Tá sé dírithe ar shaitilít óna bhfuil an BBC etc. le fáil saor in aisce. Níl RTÉ, TG4 etc. ar fáil saor in aisce, áfach, d'ainneoin a mbíodh le ag Uachtarán tráth faoin diaspóra díl.)

5 comments:

  1. Tá "the local woodpeckers" ag cuidiú leis na póilíní... is deacair (domsa) gan suim a chur i mblagmhír mar sin! Agus nuair a chonaic mé an grianghraf shíl mé “Sea, díreach an saghas damáiste a dhéanann na héin chéanna sna bólaí seo!” Ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí, ach bhain mé sult as an mblagmhír seo mar sin féin, agus d'fhoghlaim mé téarma nua, LNB nó low-noise block downconverter. Tá an Ghaeilge atá air chomh doiléir leis an mBéarla.

    ReplyDelete
  2. Ní dóigh liom go mbíonn an fhadhb chéanna in Éirinn ceal cnagairí. Nó an bhfuil éin eile ann a dhéanfadh a leithéid? An fiach dubh, b'fhéidir?

    ReplyDelete
  3. Bhuel tá an Morchnagaire Breac thar n-ais linn arís. Táid lonnaithe ar an gcósta thoir agus iad ag leathnú amach i gcónaí.

    http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2011/1028/1224306624724.html

    ReplyDelete
  4. http://ormondo-fon.blogspot.com/2010/01/tairngreacht-mhorchnagaire-bhric.html#comment-form

    Go raibh maith agat as an nod, ach féach ar a bhfuil faoin nasc thuas.

    ReplyDelete
  5. Píosa ana dheas, agus tuigim do'd féin níos óige a bhain míchiall as an sofhriotal úd.

    ReplyDelete