Saturday, January 14, 2012

"siúdar", nó nod foghraíochta don réiteoir....


Bhí eadarlúid bheag dheas le linn an chluiche rugbaí idir Cúige Uladh agus Leicester aréir.

Bhí an chlibirt ar tí teacht le chéíle agus an dá líne tosaigh ar tinneall chun bualadh isteach ar a chéile, ach sara ndúirt an réiteoir na trí fhocal siúd atá de ghlanmheabhair, gan dabht, ag gach leantóir rugbaí faoi seo (mar atá: "tadhailligí! stadaigí! téigí i gcleamhnas!*") theastaigh uaidh ar dtús rabhadh a thabhairt mar gheall ar rud éigin.

Bhuel, cibé rud a bhí i gceist ag an Uasal Poite - mo fhocal ar seo daoibh go bhfuil scoth an Bhéarla aige - bhí mar eochairfhocal ann an focal “siúdar”.

Amach leis an abairt phráinneach, mar sin, as béal an réiteora, go húdarásach mar is gnách le réiteoir.

Ach... níor thuig na himreoirí go díreach cad a bhí i gceist aige - ní nach ionadh. Mar sin, dúirt sé in athuair í, an abairt le "siúdar".

Cuma cheisteach i gcónaí ar aghaidh na n-imreoirí, an dá líne tosaigh ag féachaint ar a chéile, a nguaillí á gcur le chéile, mar a déarfá, chun an tomhas a fhuascailt. An raibh a fhios ag éinne cad a bhí i gceist ag an Uasal Poite?

Ansin rith sé le himreoir amháin. Agus mhínigh sé de ghuth múinte foghraíocht cheart an fhocail don réiteoir: "seóldar!"




*Is féídir "nascaigí" a rá freisin.

2 comments:

  1. Bhuel, teanga ina fhoghraítear "Leicester" mar Lester ...

    ReplyDelete
  2. agus, níos aistí fós, "Worcester" mar Wuster!

    ReplyDelete