Caithfidh mé a admháil gur baineadh siar asam nuair a chonaic mé an grianghraf seo ar shuíomh nuachta inniu. Cad a mheasann sibhse? An é nach bhfuil fágtha de mheas ar cheannaire an rialtais ach meas madra nó meas amadáin?
Mar is eol don saol, bhí an iomarca d'abhlóireacht an lútálaí sa mhéid leath-fhíor a dúirt Ó Cionnaoith i nDavos an deireadh seachtaine seo caite.
Ar aon nós, tá a luach saothair faighte aige ó fhear atá cleachta go maith ar dhlí na dufaire agus a bhfuil a fhios aige anois cén tuiscint atá ag Ó Cionaoith féin ar a áit sa rangú.
Ba dheacair a shamhlú go mbeadh de dhásacht ag Sarkozy a leithéid a dhéanamh leis an Óbamach nó leis gCamshrónach, nó le haon cheannaire rialtais eile ...
Níl a fhios agam. Nach ndéanann Sarko rudaí an-chosúil leis sin le hAngela freisin?
ReplyDeleteThis comment has been removed by the author.
ReplyDeleteDéanann sé, gan dabht, agus rith an smaoineamh sin liom freisin ach is ar dhóigh eile a dhéanann sé le hAngela é.
ReplyDeleteLe hAngela bíonn sé ar a dhícheall le cur in iúl go bhfuil sé ar chomhchéim léí agus cé go mbíonn spraoi i gceist fanann sé múinte.
De réir Higgins sa Dáil inné bhí radhairc eile le feiscint ar an teilifís de phríomhairí eile ag déanamh amhlaidh le Kenny, á phátáil ar chúl a chinn é.
ReplyDeleteCad eile is féidir a bheith ag súil leis ó chladhaire a umhlaíonn rompu agus a mianta i gcónaí.
Níl ach Kenny agus Sarkosy ach ag partyáil.
ReplyDelete