Tuesday, January 31, 2012

sarkozy agus an taoiseach: meas madra nó meas amadáin...

Caithfidh mé a admháil gur baineadh siar asam nuair a chonaic mé an grianghraf seo ar shuíomh nuachta inniu. Cad a mheasann sibhse? An é nach bhfuil fágtha de mheas ar cheannaire an rialtais ach meas madra nó meas amadáin?

Mar is eol don saol, bhí an iomarca d'abhlóireacht an lútálaí sa mhéid leath-fhíor a dúirt Ó Cionnaoith i nDavos an deireadh seachtaine seo caite.

Ar aon nós, tá a luach saothair faighte aige ó fhear atá cleachta go maith ar dhlí na dufaire agus a bhfuil a fhios aige anois cén tuiscint atá ag Ó Cionaoith féin ar a áit sa rangú.

Ba dheacair a shamhlú go mbeadh de dhásacht ag Sarkozy a leithéid a dhéanamh leis an Óbamach nó leis gCamshrónach, nó le haon cheannaire rialtais eile ...

5 comments:

  1. Níl a fhios agam. Nach ndéanann Sarko rudaí an-chosúil leis sin le hAngela freisin?

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Déanann sé, gan dabht, agus rith an smaoineamh sin liom freisin ach is ar dhóigh eile a dhéanann sé le hAngela é.

    Le hAngela bíonn sé ar a dhícheall le cur in iúl go bhfuil sé ar chomhchéim léí agus cé go mbíonn spraoi i gceist fanann sé múinte.

    ReplyDelete
  4. De réir Higgins sa Dáil inné bhí radhairc eile le feiscint ar an teilifís de phríomhairí eile ag déanamh amhlaidh le Kenny, á phátáil ar chúl a chinn é.

    Cad eile is féidir a bheith ag súil leis ó chladhaire a umhlaíonn rompu agus a mianta i gcónaí.

    ReplyDelete
  5. Níl ach Kenny agus Sarkosy ach ag partyáil.

    ReplyDelete